téarma.ie foclóir.ie teanglann.ie gaois.ie logainm.ie
Ar ais chuig leagan don scáileán Back to screen version
An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge
The National Terminology Database for Irish
FoclaíochtWording
FadLength
FairsingeExtent
TeangaLanguage
Roinn chaintePart of speech
RéimseDomain
Roghanna Options
439
Líon torthaí a aimsíodh
Number of matches found
« » 1 2 3 4 5
... strengthening and streamlining the data security and data protection conditions that govern the respective systems...
... na coinníollacha slándála sonraí agus cosanta sonraí lena rialaítear na córais ábhartha a neartú agus a chuíchóiriú...
GAstóras fir1 sonraí
gu stórais sonraí
Computers, Computer Science One of the component elements of a Data flow diagram. It represents any place in the system where data is stored or collected. It may be an electronic medium such as a disk/tape file, or it may be a manual storage method such as a filing cabinet, or card-index file. A batch of forms in a bulldog clip waiting to be actioned also counts as a data store. On a Data flow diagram, it is necessary to show each data store being accessed by at least one process, and usually more, both for creating the data, and for using it.
Ríomhairí, Ríomheolaíocht Ceann de na heilimintí comhpháirteacha i Léaráid den Sreabhadh Sonraí. Cur síos é ar aon áit sa chóras ina stóráiltear nó ina mbailítear sonraí. D'fhéadfadh gur meán leictreonach a bheadh i gceist ar nós comhad diosca/téipe, nó d'fhéadfadh gur meán stórála láimhe a bheadh ann ar nós comhadchaibinéad, nó comhad cárta-innéacs. Tugtar stóras sonraí freisin ar bheart foirmeacha i bhfáiscín docht ag fanacht ar ghníomhaíocht éigin. Ar Léaráid den Sreabhadh Sonraí, ní mór próiseas amháin ar a laghad, agus breis is ceann de ghnáth, a thaispeáint ag rochtain gach stóras sonraí, chun sonraí a chruthú, agus a úsáid.
GAstruchtúr fir1 sonraí
gu struchtúir shonraí
Computers, Computer Science A formalized representation of the ordering and accessibility relationships among data items without regard to their actual storage configuration.
Ríomhairí, Ríomheolaíocht Samhail fhoirmiúil de na gaoil oird agus inrochtaineachta i measc míreanna sonraíochta gan tagairt dá gcumraíocht stórála iarbhír.
GAcineál fir1 sonraí
gu cineáil sonraí, ai cineálacha sonraí
Computers, Computer Science A class of data characterized by the members of the class and the operations that can be applied to them; for example, integer, real, logical.
Ríomhairí, Ríomheolaíocht Aicme sonraí tréithrithe ag na baill sin den aicme agus ag na hoibríochtaí is féidir a fheidhmiú orthu; mar shampla, slánuimhir, réadach, loighciúil.
GAléaráid bain2 den sreabhadh sonraí
gu léaráide den sreabhadh sonraí
Computers, Computer Science A diagrammatic view of the functional view of the system under investigation. The notation comprises four elements: process, data store, external entity, and data flow. Its primary purpose is to communicate with the User the analyst's understanding of the scope of the system, the processing undertaken, and the interactions with the environment.
Ríomhairí, Ríomheolaíocht Léaráid d'amharc feidhmeach ar an gcóras atá á iniúchadh. Ceithre mhír atá i gceist sa nodaireacht: próiseas, stór sonraí, aonán seachtrach, agus sreabhadh sonraí. Is í an phríomhaidhm atá leis ná tuiscint an anailísí ar scóip an chórais, ar an bpróiseáil atá le déanamh, agus ar an idirghníomhaíocht leis an timpeallacht a chur in iúl don Úsáideoir.
GArangú fir stórála sonraí DBMS
gu rangaithe stórála sonraí DBMS
Computers, Computer Science A means of analysing the mechanisms for storing and retrieving data on a database management system (DBMS). This is used in Stage 6, Physical Data Design.
Ríomhairí, Ríomheolaíocht Modh chun anailís a dhéanamh ar na meicníochtaí stórála agus aisghabhála sonraí ar chóras bainistíochta bunachar sonraí. Úsáidtear é seo i Staid a 6, Dearadh Fisiciúil na Sonraí.
GAstruchtúr fir1 dinimiciúil sonraí
gu struchtúir dhinimiciúil sonraí, ai struchtúir dhinimiciúla sonraí
Computers, Computer Science A data structure whose organizational characteristics may change during its lifetime. The adaptability afforded by such structures, e.g. - linked lists, is often at the expense of decreased efficiency in accessing elements of the structure. Two main features distinguish dynamic structures from static data structures. Firstly, it is no longer possible to have all structural information in a header; each element will have to contain information relating it logically to other elements of the structure. Secondly, using a single block of continuous storage is often not appropriate, and hence it is necessary to provide some storage management scheme at run-time.
Ríomhairí, Ríomheolaíocht Struchtúr sonraí a mb'fhéidir go n-athródh a thréithe eagraíochtúla i rith a shaoil. Go minic baineann solúbthacht lena leithéid seo struchtúir, e.g. liostaí nasctha, ach is minic a laghdaítear éifeachtúlacht rochtana ar eilimintí an struchtúir mar gheall air sin. Tá dhá ghné ar leith a idirdhealaíonn struchtúir dhinimiciúla ó struchtúir statacha sonraí. Ar an gcéad dul síos, ní féidir a thuilleadh an t-eolas struchtúrtha ar fad a bheith i gceanntásc; ní mór do gach eilimint eolas a bheith ann a thugann gaol loighciúil dó le heilimintí eile an struchtúir. Ar an dara dul síos, níl sé oiriúnach i gcónaí bloc aonair stórála leanúnaigh a úsáid, agus más ea is gá scéim bainistíochta stórála a sholáthar ag am rite.
GAdearadh fir1 céadiarrachta sonraí
gu dearaidh céadiarrachta sonraí
Computers, Computer Science The Logical Data Model is subject to a transformation based on certain rules-of-thumb. These are independent of any given implementation environment, but should subsequently be adaptable to any specific product. It should be close enough to the final design for timing and sizing exercises to be carried out. There are two versions of the first-cut Data Design: The implementation-independent design, followed by a first-cut design according to the supplied rules of the chosen environment. The former is often omitted, depending on the experience of the designer, or the requirements and complexity of the selected DBMS.
Ríomhairí, Ríomheolaíocht Tá an tSamhail Loighciúil de Shonraí faoi réir trasfhoirmiú atá bunaithe ar rialacha láimhe áirithe. Tá siad seo neamhspleách ar aon timpeallacht infheidhmithe ar leith, ach ba chóir go mbeidís inchurtha in oiriúint do tháirge sonraithe ar bith. Ba chóir dó a bheith gar go leor don dearadh deireanach le go rithfí cleachtaí uainithe agus tomhais air. Tá dhá leagan ann den Dearadh Céadiarrachta Sonraí: An dearadh atá neamhspleách ar chur i ngníomh, a leantar le dearadh céadiarrachta de réir rialacha a chuireann an timpeallacht roghnaithe ar fáil. Fágtar an dara ceann ar lár go minic, ag brath ar chleachtadh an dearthóra, nó ar riachtanais agus ar chastacht an DBMS roghnaithe.
« » 1 2 3 4 5