téarma.ie foclóir.ie teanglann.ie gaois.ie logainm.ie
Ar ais chuig leagan don scáileán Back to screen version
An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge
The National Terminology Database for Irish
Gach réimse All domains Roghanna Options
343
Líon torthaí a aimsíodh
Number of matches found
» 1 2 3 4
GAam fir3 tiomsaithe
gu ama tiomsaithe, ai amanna tiomsaithe
Ríomhairí, Ríomheolaíocht Cur síos ar an tréimhse ina dtarlaíonn tiomsú, nó ar an bhfad a ghlacann sé.
Computers, Computer Science Describes either the period during which compilation takes place or the length of this time.
GAancaire fir4
gu ancaire, iol ancairí
Ríomhairí, Ríomheolaíocht Achar laistigh d'ábhar nóid hipirtéacs (e.g. leathanach Gréasáin) ar foinse nó sprioc naisc é. D'fhéadfadh focal, abairtín, íomhá nó fiú an nód iomlán a bheith ina ancaire foinseach. D'fhéadfadh nód iomlán nó ionad éigin laistigh den nód a bheith ina ancaire sprice.
Computers, Computer Science An area within the content of a hypertext node (e.g. a Web page) which is the source or destination of a link. A source anchor may be a word, phrase, image, or possibly the whole node. A destination anchor may be a whole node or some position within the node.
GAathróg bain2 aicmeach
gu athróige aicmí, ai athróga aicmeacha
Ríomhairí, Ríomheolaíocht Rangaítear na hathróga a bhaineann le haicme mar athróga áscacha nó mar athróga aicmeacha. Baineann athróg aicmeach leis an aicme féin .i. bíonn cóip amháin di ann. Baineann athróg áscach le hásc den aicme .i. bíonn a chóip féin den athróg ag gach ásc.
Computers, Computer Science The variables associated with a class are classified as being instance variables or class variables. A class variable belongs to the class itself i.e. there exists one copy of a class variable. On the other hand each instance of the class has its own copy of the instance variables.
GAathróg bain2 eagair
gu athróige eagair, ai athróga eagair
Ríomhairí, Ríomheolaíocht Athróg a sheasann do bhailiúchán míreanna sonraí nach mór airíonna comhionanna a bheith acu.
Computers, Computer Science A variable that represents a collection of data items that must have identical characteristics.
GAathróg bain2 mharbh
gu athróige mairbhe, ai athróga marbha
Ríomhairí, Ríomheolaíocht Deirtear go bhfuil athróg marbh mura bhfuil an luach atá inti ag teastáil. Athróg nach bhfuil marbh, deirtear go bhfuil sí beo.
Computers, Computer Science A variable is said to be dead if the value it contains is not needed. A variable that is not dead is said to be live.
GAcineál fir1 eagair
gu cineáil eagair, ai cineálacha eagair
Ríomhairí, Ríomheolaíocht Sa teanga ríomhaireachta, Pascal, cineál struchtúrtha comhdhéanta de liosta innéacsaithe d'eilimintí agus gan ach eilimintí den chineál céanna ann.
Computers, Computer Science In Pascal, a structured type that consists of an indexed list of elements with each element of the same type.
GAcineál fir1 uimhríochtúil
gu cineáil uimhríochtúil, ai cineálacha uimhríochtúla
Ríomhairí, Ríomheolaíocht Nuair is féidir oibiachtaí cineáil a léirmhíniú mar uimhreacha, tagraítear dóibh mar chineálacha uimhríochtúla.
Computers, Computer Science When objects of a type can be interpreted as numbers, they are referred to as arithmetic types.
GAclabhsúr fir1
gu clabhsúir, ai clabhsúir, gi clabhsúr
Ríomhairí, Ríomheolaíocht Is éard is brí le clabhsúr ná gur gaol é aschur oibríochta coibhneasta ar bith.
Computers, Computer Science Closure means that the output of any relational operation is a relation.
GAcomhaireamh fir1
gu comhairimh
áireamh fir1
gu áirimh, ai áirimh, gi áireamh
cuntas fir1
gu cuntais, ai cuntais, gi cuntas
ENcount s
(enumeration )
Córas nua a bhunú chun na focail inmhuirearaithe i dteileagraim idirnáisiúnta a chomhaireamh.
Introduce a new system of counting the number of chargeable words in international telegrams.
GAcomhchaitéinigh br
abr comhchaitéiniú, aidbhr comhchaitéinithe
Má úsáidtear barrachóid líneacha, féadfar SF-SFU agus ST-SFU a chomhchaitéiniú nó a neamh-chomhchaitéiniú ina dhá mbarrachód nó níos mó.
If linear bar codes are used, the UDI-DI and UDI-PI may be concatenated or non-concatenated in two or more bar codes.
GAcomhráiteas fir1
gu comhráitis, ai comhráitis, gi comhráiteas
Ríomhairí, Ríomheolaíocht Seicheamh de ráitis idir túsaigh agus críochnaigh.
Computers, Computer Science Consists of a sequence of statements bracketed by begin and end.
GAcrosphointe fir4
gu crosphointe, iol crosphointí
Ríomhairí, Ríomheolaíocht Lasc bheag ag pointe trasnaithe líne cothrománaí (ag teacht isteach) agus líne ingearaí (ag dul amach), ar féidir í a oscailt nó a dhúnadh go leictreach, ag brath ar cé acu línte, cothrománacha nó ingearacha, atá nó nach bhfuil le nascadh.
Computers, Computer Science A small switch at the intersection of a horizontal (incoming) line and a vertical (outgoing) line, that can be electrically opened or closed, depending on whether the horizontal and vertical lines are to be connected or not.
GAcruthaitheoir fir3
gu cruthaitheora, iol cruthaitheoirí
Ríomhairí, Ríomheolaíocht Glaoitear cruthaitheoir ar mhodh a chruthaíonn ásc d'oibiacht (ríomhchlárú bunaithe ar oibiachtaí).
Computers, Computer Science Object-oriented programming: a method which creates an instance of an object is called a constructor.
GAcuardach fir1 dénártha
gu cuardaigh dhénártha
Ríomhairí, Ríomheolaíocht Modh a úsáidtear chun ordliosta a chuardach. Tosaíonn an cuardach i lár tábla agus deimhníonn sé an bhfuil an argóint sa leath uachtair nó sa leath íochtair den tábla, agus leanann sé ag déanamh dhá leath den chuid sin den tábla ina n-aimsítear an argóint atá á cuardach go dtí go bhfaightear an argóint.
Computers, Computer Science Method used to search an ordered list. The search begins in the middle of a table and determines whether the argument is in the upper or lower half of the table, and continues to halve that portion of the table in which the argument being sought is located until the argument is found.
GAdearbhú fir
gu dearbhaithe, iol dearbhuithe
Ríomhairí, Ríomheolaíocht Ráiteas gur ann do choinníoll ar leith ag pointe áirithe i ríomhchlár. Féadtar dearbhuithe a úsáid le haghaidh dífhabhtaithe, fíoraithe nó mar nótaí tráchta.
Computers, Computer Science A statement that a particular condition exists at a specified point in a program. Assertions may be used for debugging, verification, or as comments.
» 1 2 3 4