téarma.ie foclóir.ie teanglann.ie gaois.ie logainm.ie
Ar ais chuig leagan don scáileán Back to screen version
An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge
The National Terminology Database for Irish
Gach réimse All domains Roghanna Options
343
Líon torthaí a aimsíodh
Number of matches found
» 1 2 3 4
ENadd s
(addition)
GAsuimiú fir
gu suimithe, iol suimithe
suimiúchán fir1
gu suimiúcháin
How to add negative numbers.
Conas uimhreacha diúltacha a shuimiú.
FÉACH FREISIN · SEE ALSO
# subtract · dealaigh
oibreoir fir3 seoltaí dímholta/superseded
gu oibreora seoltaí, ai oibreoirí seoltaí
Computers, Computer Science The address operator & (the ampersand) is used with a value to get the address of a variable.
Ríomhairí, Ríomheolaíocht An t-oibreoir seoltaí & (an t-amparsan) a úsáidtear in éineacht le luach chun seoladh athróige a aimsiú.
GAancaire fir4
gu ancaire, iol ancairí
Computers, Computer Science An area within the content of a hypertext node (e.g. a Web page) which is the source or destination of a link. A source anchor may be a word, phrase, image, or possibly the whole node. A destination anchor may be a whole node or some position within the node.
Ríomhairí, Ríomheolaíocht Achar laistigh d'ábhar nóid hipirtéacs (e.g. leathanach Gréasáin) ar foinse nó sprioc naisc é. D'fhéadfadh focal, abairtín, íomhá nó fiú an nód iomlán a bheith ina ancaire foinseach. D'fhéadfadh nód iomlán nó ionad éigin laistigh den nód a bheith ina ancaire sprice.
GAgeata fir4 AND
ai geataí AND
Computers, Computer Science A circuit that performs the AND function. The AND gate is a signal circuit with two or more input wires, in which the output wire gives a signal, if and only if, all input wires receive coincident signals.
Ríomhairí, Ríomheolaíocht Ciorcad a dhéanann an fheidhm AND a chomhlíonadh. Is ciorcad comhartha é an geata AND ina bhfuil dhá shreang ionchurtha, nó breis, ina dtugann an sreang aschurtha comhartha sa chás, agus sa chás amháin, go bhfaigheann na sreanga ionchurtha go léir comharthaí comhtheagmhasacha.
oibreoir fir3 uimhríochta dímholta/superseded
gu oibreora uimhríochta, ai oibreoirí uimhríochta
Computers, Computer Science The arithmetical signs of addition, subtraction, division and multiplication as used by a given programming language.
Ríomhairí, Ríomheolaíocht Na comharthaí uimhríochtúla a ghabhann le suimiú, dealú, roinnt agus méadú mar a úsáidtear iad in aon teanga ríomhchláraithe ar leith.
GAróshreabhadh fir uimhríochta
gu róshreafa uimhríochta
Computers, Computer Science Type of run-time error which occurs when a program attempts to store a number that is too large in the storage area allocated to a variable.
Ríomhairí, Ríomheolaíocht Cineál earráide le linn am rite, a tharlaíonn nuair a fhéachann clár le huimhir rómhór a stóráil sa limistéar stórála atá leithdháilte d'athróg.
GAcineál fir1 uimhríochtúil
gu cineáil uimhríochtúil, ai cineálacha uimhríochtúla
Computers, Computer Science When objects of a type can be interpreted as numbers, they are referred to as arithmetic types.
Ríomhairí, Ríomheolaíocht Nuair is féidir oibiachtaí cineáil a léirmhíniú mar uimhreacha, tagraítear dóibh mar chineálacha uimhríochtúla.
GAfoscript bain2 eagair
gu foscripte eagair, ai foscripteanna eagair
Computers, Computer Science The array subscript differentiates among elements of the same array.
Ríomhairí, Ríomheolaíocht Déanann an fhoscript eagair difreáil idir eilimintí den eagar céanna.
GAcineál fir1 eagair
gu cineáil eagair, ai cineálacha eagair
Computers, Computer Science In Pascal, a structured type that consists of an indexed list of elements with each element of the same type.
Ríomhairí, Ríomheolaíocht Sa teanga ríomhaireachta, Pascal, cineál struchtúrtha comhdhéanta de liosta innéacsaithe d'eilimintí agus gan ach eilimintí den chineál céanna ann.
GAathróg bain2 eagair
gu athróige eagair, ai athróga eagair
Computers, Computer Science A variable that represents a collection of data items that must have identical characteristics.
Ríomhairí, Ríomheolaíocht Athróg a sheasann do bhailiúchán míreanna sonraí nach mór airíonna comhionanna a bheith acu.
GAdearbhú fir
gu dearbhaithe, iol dearbhuithe
Computers, Computer Science A statement that a particular condition exists at a specified point in a program. Assertions may be used for debugging, verification, or as comments.
Ríomhairí, Ríomheolaíocht Ráiteas gur ann do choinníoll ar leith ag pointe áirithe i ríomhchlár. Féadtar dearbhuithe a úsáid le haghaidh dífhabhtaithe, fíoraithe nó mar nótaí tráchta.
GAsannadh fir
gu sannta
sannachán fir1
gu sannacháin, ai sannacháin, gi sannachán
Finance Transfer from one bank to another the right to receive loan principal and interest from a borrower.
Airgeadas Ceart a bhíonn ag banc, - bunairgead agus ús iasachta a ghlacadh ó iasachtaí, - a aistriú go banc eile.
Computers, Computer Science Transfer from one bank to another the right to receive loan principal and interest from a borrower.
Ríomhairí, Ríomheolaíocht Ceart a bhíonn ag banc, - bunairgead agus ús iasachta a ghlacadh ó iasachtaí, - a aistriú go banc eile.
GAslonn fir1 sannacháin
gu sloinn sannacháin
Computers, Computer Science In XL C, an expression that assigns the value of the right operand expression to the left operand variable and has as its value the value of the right operand.
Ríomhairí, Ríomheolaíocht In XL C, slonn a shannann luach shlonn na hoibrinne deise le hathróg na hoibrinne clé, agus luach na hoibrinne deise aici mar luach.
GAcuardach fir1 dénártha
gu cuardaigh dhénártha
Computers, Computer Science Method used to search an ordered list. The search begins in the middle of a table and determines whether the argument is in the upper or lower half of the table, and continues to halve that portion of the table in which the argument being sought is located until the argument is found.
Ríomhairí, Ríomheolaíocht Modh a úsáidtear chun ordliosta a chuardach. Tosaíonn an cuardach i lár tábla agus deimhníonn sé an bhfuil an argóint sa leath uachtair nó sa leath íochtair den tábla, agus leanann sé ag déanamh dhá leath den chuid sin den tábla ina n-aimsítear an argóint atá á cuardach go dtí go bhfaightear an argóint.
GAsórtáil bain3 bholgánach
gu sórtála bolgánaí
Computers, Computer Science Compares each element of an array with its successor, swapping the two if they are not in the proper order.
Ríomhairí, Ríomheolaíocht Sórtáil ina ndéantar comparáid idir gach eilimint d'eagar agus a comharba, ag malartú an dá cheann mura bhfuil siad san ord ceart.
» 1 2 3 4