téarma.ie foclóir.ie teanglann.ie gaois.ie logainm.ie
Ar ais chuig leagan don scáileán Back to screen version
An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge
The National Terminology Database for Irish
Roghchlár Menu

Tionscadal téarma.ie

Seo é an bunachar náisiúnta téarmaíochta don Ghaeilge, á bhainistiú ag grúpa taighde Gaois, Fiontar & Scoil na Gaeilge (DCU) i gcomhar leis an gCoiste Téarmaíochta, Foras na Gaeilge.

c.186,000 iontráil dhátheangach ar fáil sa bhunachar. Is féidir dul i ngleic leis na téarmaí ar bhealaí éagsúla agus is féidir chomh maith an t-ábhar a íoslódáil i bhformáid TBX no TXT. Tá eolas faoi conas an suíomh a úsáid ar fáil anseo. Má tá téarma nach bhfuil ar fáil sa bhunachar seo á lorg agat, is féidir leagan a iarraidh ar an gCoiste Téarmaíochta, Foras na Gaeilge, ach an fhoirm fiosraithe a líonadh.

Táthar anois i mbun chéim VII den tionscadal seo (tionscadal atá ar bun ó 2004 i leith). Seoladh suíomh nua agus córas úrnua eagarthóireachta ar an 14 Márta 2019. Tá an córas seo bunaithe ar Terminologue, ardán foinse oscailte a d’fhorbair Gaois don Bhunachar Náisiúnta Téarmaíochta agus mar áis do thionscadail eile. Is féidir tuilleadh a fháil amach faoi Terminologue anseo.

Is féidir teacht ar fhoilseacháin de chuid Gaois a bhaineann leis an téarmeolaíocht anseo. Más maith leat coinneáil suas leis an téarmaíocht, an téarmeolaíocht agus forbairtí nua, is féidir clárú do nuachtlitir Gaois, blag Gaois a léamh, nó coinneáil suas le Téarma an Lae ar Twitter, Instagram agus Facebook. Tá scéal an tionscadail anseo.