téarma.ie foclóir.ie teanglann.ie gaois.ie logainm.ie
Ar ais chuig leagan don scáileán Back to screen version
An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge
The National Terminology Database for Irish
Gach réimse All domains Roghanna Options
192
Líon torthaí a aimsíodh
Number of matches found
» 1 2
GAdíolamóir fir3
gu díolamóra, iol díolamóirí
Computers, Computer Science A computer program that is used to translate symbolic language into machine language.
Ríomhairí, Ríomheolaíocht Ríomhchlár a úsáidtear chun teanga shiombalach a aistriú go meaisínteanga.
GAteanga bain4 dhíolama
gu teanga díolama, ai teangacha díolama
Computers, Computer Science A low-level programming language that uses convenient abbreviations called mnemonics rather than the groupings of 0's and 1's used in machine language. Because instructions in assembly language generally have a one-to-one correspondence with machine-language instructions, assembly language is easier to translate into machine language than are high-level language statements.
Ríomhairí, Ríomheolaíocht Teanga íseal-leibhéil ríomhchlárúcháin a bhaineann úsáid as noda oiriúnacha ar a dtugtar neamónaigh mar rogha ar na grúpálacha de 0-nna agus 1-anna a úsáidtear i meaisínteanga. De bharr go bhfuil comhfhreagracht aon le haon de ghnáth idir treoracha i dteanga dhíolama agus treoracha i meaisínteanga, is furasta teanga dhíolama ná ráitis i dteanga ardleibhéil a aistriú go meaisínteanga.
GAathróg bain2 uathoibríoch
gu athróige uathoibríche, ai athróga uathoibríocha
Computers, Computer Science A variable allocated on entry to a routine and de-allocated on the return.
Ríomhairí, Ríomheolaíocht Athróg a leithdháiltear ar iontráil i ngnáthamh agus a dhí-leithdháiltear ar an athfhilleadh.
GAmórcheannach fir1
gu mórcheannaigh
ríomhaire fir4 mórcheannach
gu ríomhaire mórcheannaigh, ai ríomhairí mórcheannacha
Computers, Computer Science In byte ordering: bytes can be numbered from left-to-right or from right-to-left. The former system, where the numbering begins at the big (i.e., high-order) end is called a big-endian computer in contrast to the latter which is called a little-endian.
Ríomhairí, Ríomheolaíocht Chun birt a chur in ord: is féidir birt a uimhriú ó chlé go deas nó ó dheas go clé. Tugtar ríomhaire mórcheannach, ar an gcéad chóras, ina dtosaíonn an t-uimhriú ag an gceann is mó (i. is airde in ord), i gcomórtas leis an dara córas ar a dtugtar ríomhaire caolcheannach.
FÉACH FREISIN · SEE ALSO
# little-endian · caolcheannach
a code made up of the digits 0 and 1, called bits, transmitted as a series of electrical pulses (0 bits at low voltage and 1 bits at higher voltage)
cód atá comhdhéanta de na digití 0 agus 1, ar a dtugtar giotáin, agus a tharchuirtear mar shraith bíog leictreach (0 giotán ar ísealvoltas agus 1 ghiotán ar voltas níos airde)
GAam fir3 ceangail
gu ama ceangail, ai amanna ceangail
Computers, Computer Science The stage at which a compiler replaces a symbolic name or address with its machine language form.
Ríomhairí, Ríomheolaíocht An staid ag a gcuireann díolamóir foirm mheaisínteanga d'ainm nó de sheoladh in ionad na foirme siombalaí.
oibreoir fir3 Boole dímholta/superseded
gu oibreora Boole, ai oibreoirí Boole
Computers, Computer Science An operator each of whose operands and whose result take one of two values.
Ríomhairí, Ríomheolaíocht Oibreoir a nglacann gach ceann dá oibreanna agus a toradh ceann de dhá luach.
(letter or symbol)
GAcarachtar fir1
gu carachtair, ai carachtair, gi carachtar
(litir nó siombail)
Computers, Computer Science Single letter, digit or special sign (like £ pound, ? question mark or % percent). Characters are represented by bytes in computer storage.
Ríomhairí, Ríomheolaíocht Litir, digit nó sainchomhartha singil (ar nós € - euro, ? - comhartha ceiste nó % - céatadán).
The characters shall be no larger than half the size of the characters used for the sales denomination.
Ní bheidh na carachtair níos mó ná leath méid na gcarachtar a úsáidfear don ainmníocht díolacháin.
GAglantéacs fir4
gu glantéacs
text which is not encrypted, or has been decrypted, as opposed to ciphertext
téacs nár criptíodh nó a díchriptíodh, ní hionann agus téacs rúnscríofa
seicheamh fir1 comhordúcháin dímholta/superseded
gu seichimh chomhordúcháin
Computers, Computer Science A collating sequence is a sequence of characters arranged by ordinal number.
Ríomhairí, Ríomheolaíocht Séard is seicheamh comhordúcháin ann ná seicheamh carachtar leagtha amach de réir orduimhreacha.
GAnóta fir4 tráchta
ai nótaí tráchta
Computers, Computer Science In programming languages, a language construct for the inclusion of text in a program and having no impact on the execution of the program. Comments are used to explain certain aspects of the program. In the C language, a token that consists of one or more lines, delimited by /* */. In Pascal either of the pairs (* *) or { } may be used. Comments can be written anywhere in the program.
Ríomhairí, Ríomheolaíocht I dteangacha ríomhchlárúcháin, comhstruchtúr teanga chun téacs a chur isteach i ríomhchlár gan aon tionchar a bheith aige ar rith an ríomhchláir. Úsáidtear nótaí tráchta chun gnéithe ar leith den ríomhchlár a mhíniú. Sa teanga C, teaghrán comharthach é atá líne nó breis ar fhad, teormharcáilte ag /* */. I bPascal úsáidtear na péirí (* *) nó { }. Is féidir nótaí tráchta a scríobh áit ar bith i ríomhchlár.
GAtreoir bain5 thiomsaitheora
gu treorach tiomsaitheora, ai treoracha tiomsaitheora
Computers, Computer Science 1. A language construction for the purpose of controlling the compilation of a program. 2. A statement that controls what the compiler does rather than what the user program does.
Ríomhairí, Ríomheolaíocht 1. Comhstruchtúr teanga le haghaidh tiomsú ríomhchláir a rialú. 2. Ráiteas a rialaíonn an méid a dhéanann an tiomsaitheoir seachas an ríomhchlár úsáideora
GAléim bain2 choinníollach
gu léime coinníollaí, ai léimeanna coinníollacha
Computers, Computer Science A jump that occurs only if specified criteria are satisfied. A conditional jump instruction may result in obtaining the correct addresses for the next instruction that produces a transfer of control. The next instruction can be dependent on the specified criteria to determine whether a jump or skip to another instruction is called for.
Ríomhairí, Ríomheolaíocht Léim nach dtarlaíonn ach amháin nuair a shásaítear critéir shonraithe. Nuair a thugtar treoir léime coinníollaí, d'fhéadfadh a bheith de thoradh uirthi go bhfaighfí na seoltaí cearta don chéad treoir eile a ghineann aistriú rialúcháin. Féadann an chéad treoir eile a bheith ag brath ar na critéir shonraithe chun a chinneadh an amhlaidh atá gá le léim nó le foléim go treoir eile.
GAtreoir bain5 léime coinníollaí
gu treorach léime coinníollaí, ai treoracha léime coinníollaí
Computers, Computer Science An instruction to jump only if specified criteria are satisfied.
Ríomhairí, Ríomheolaíocht Treoir chun léime sa chás amháin go sásaítear critéir shonraithe.
oibreoir fir3 coinníollach dímholta/superseded
gu oibreora choinníollaigh, ai oibreoirí coinníollacha
Computers, Computer Science The 'C' programming language provides a ternary operator which permits the use of conditionals in expressions.
Ríomhairí, Ríomheolaíocht Tá oibreoir trínártha i dteanga ríomhchlárúcháin 'C' a cheadaíonn sloinn choinníollacha a úsáid.
GAcruthaitheoir fir3 cóipe
gu cruthaitheora cóipe, ai cruthaitheoirí cóipe
Computers, Computer Science A constructor that tells how to create an object from another object of the same class.
Ríomhairí, Ríomheolaíocht Cruthaitheoir speisialta a insíonn conas cóip d'oibiacht eile den aicme chéanna a chruthú.
» 1 2