téarma.ie foclóir.ie teanglann.ie gaois.ie logainm.ie
Ar ais chuig leagan don scáileán Back to screen version
An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge
The National Terminology Database for Irish
Gach réimse All domains Roghanna Options
13641
Líon torthaí a aimsíodh
Number of matches found
« » 1 2 · · · · 129 130 131 132 133 134 135 136 137
GAtrasghlacadóir fir3 bus
gu trasghlacadóra bus, ai trasghlacadóirí bus
Ríomhairí, Ríomheolaíocht Maolán déthreoch le haghaidh feidhmeanna micreaphróiseálaí dhépholaigh nó leathsheoltóra ocsaíd mhiotail. D'fhéadfadh a leithéid de ghléas a bheith comhdhéanta de fhlop flapanna D-chineálacha ciumhaistruicir le hilphléacsóir dhá ionchur insuite ar gach ceann díobh. Bíonn aschuir na bhflop flapanna nasctha le ceithre thiománaí bus tiomsaitheora oscailte. Bíonn gach tiománaí bus nasctha taobh istigh le hionchur amháin aimplitheora dhifreálaigh sa ghlacadóir. Tiomáineann na ceithre aschur aimplitheora dhifreálaigh glacadóra ceithre D-laiste ag a bhfuil aschuir trí staid.
Computers, Computer Science A type of bi-directional buffer intended for bipolar or metal-oxide semiconductor microprocessor applications. Such a device may consist of D-type edge-triggered flip-flops with a built -in two-input multiplexer on each. The flip-flop outputs are connected to four open-collector bus drivers. Each bus driver is internally connected to one input of a differential amplifier in the receiver. The four receiver differential-amplifier outputs drive four D-type latches that feature three state outputs.
GAtrasnáil bain3 crainn
gu trasnála crainn
Ríomhairí, Ríomheolaíocht Cosán trí ghraif ina dteagmhaítear le gach stuaic ar a laghad uair amháin. Pléitear trasnáil de ghnáth i gcomhthéacs cineálacha speisialta graf, is é sin crainn. Samplaí is ea trasnáil réamhoird, trasnáil iaroird, agus trasnáil oird shiméadraigh (nó in-ord). Nuair a thrasnaítear crainn pharsála do shloinn uimhríochtúla, eascraíonn nodaireacht réamhshuite (Polannach), nodaireacht iarshuite (Polannach fritiontaitheach) agus nodaireacht ionsuite, faoi seach, as na trasnálacha crainn seo.
Computers, Computer Science A path through a graph in which every vertex is visited at least once. Traversals are usually discussed in connection with special kinds of graphs, namely trees. Examples include preorder traversal, postorder traversal, and symmetric order (or in-order) traversal. When parse trees for arithmetic expressions are traversed, these tree traversals lead to prefix (Polish) notation, postfix (reverse Polish notation), and infix notation respectively.
GAtrasnáil bain3 graif
gu trasnála graif
Ríomhairí, Ríomheolaíocht Algartam a dheimhníonn na bealaí is féidir teacht ar nóid ghraif.
Computers, Computer Science An algorithm that determines the possible ways of visiting the nodes of a graph.
GAtrasnáil bain3 iaroird
gu trasnála iaroird
Ríomhairí, Ríomheolaíocht Trasnáil athchúrsach crainn ina bpróiseáiltear gach nód roimh a mhacnóid.
Computers, Computer Science A recursive tree traversal in which each node is processed before its children.
GAtrasnáil bain3 in ord
gu trasnála in ord
Ríomhairí, Ríomheolaíocht Algartam a ghluaiseann trí chrann sa chaoi is gur ordliosta an toradh a bhíonn air.
Computers, Computer Science An algorithm that moves through a tree in such a fashion that an ordered list results.
GAtrasnáil bain3 réamhoird
gu trasnála réamhoird
Ríomhairí, Ríomheolaíocht Trasnáil athchúrsach crainn ina bpróiseáiltear gach nód roimh a mhacnóid
Computers, Computer Science A recursive tree traversal in which each node is processed before its children.
GAtrasraitheoir fir3
gu trasraitheora, iol trasraitheoirí
Ríomhairí, Ríomheolaíocht Gléas gníomhach soladstaide, le trí theirminéal de ghnáth, is féidir a úsáid chun aimpliú agus lascadh a dhéanamh. Ní bhíonn aon seolán ionchurtha ar roinnt trasraitheoirí détheirminéalacha ach iad á rialú ag solas teagmhais.
Computers, Computer Science A usually three-terminal active solid-state device that can be used for amplification and switching. Some two-terminal transistors have no input lead and are controlled by incident light.
GAtrasraitheoir fir3 dépholach
gu trasraitheora dhépholaigh, ai trasraitheoirí dépholacha
Ríomhairí, Ríomheolaíocht Ceann den dá bhunchineál comhpháirte is féidir a dhéanamh trí theicneolaíocht chiorcad comhtháite a úsáid. Bíonn dhá chineál iompróra luchta ar ghléasanna dépholacha; ní bhíonn ach cineál amháin iompróra luchta ar ghléasanna aonpholacha.
Computers, Computer Science One of the two basic types of components that can be fabricated using integrated circuit technology. Bipolar devices have two types of charge carriers, while unipolar devices only have one type of charge carrier.
GAtreibh bain2
gu treibhe, iol treibheanna
ENclan s
Scata imreoirí a imríonn mar ghrúpa i gcluichí ilimreoirí ar líne.
A group of gamers who play as a group in multiplayer online games.
bogearraí atá fós faoi chosaint ag cóipcheart, de réir dealraimh, ach nach ndéantar tacaíocht a sholáthar dó nó é a chur chun cinn níos mó
software that is ostensibly still protected by copyright, but is no longer supported or marketed
GAtréith bain2
gu tréithe, iol tréithe
aitreabúid bain2
gu aitreabúide, iol aitreabúidí
Airí aonáin, i.e. cuireann sé síos ar an aonán ar shlí éigin. Do gach tarlú den aonán sin, socraítear na tréithe ag luach cuí, luach a thógtar ón bhfearann. Tugtar mír sonraí ar thréith, freisin. B'fhéidir go mbeadh tréith roghnach, i.e., d'fhéadfadh aonán tarlú gan luach a bheith tugtha do thréith chomh luath is a chruthaítear an tarlú.
A property of an entity, i.e., it describes the entity in some way. For each occurrence of that entity, the attributes are set to an appropriate value, the value being drawn from a domain. An attribute is also known as a data item. An attribute may be optional, i.e., an entity occurrence may exist without a value for an attribute being given as soon as the occurrence is created.
« » 1 2 · · · · 129 130 131 132 133 134 135 136 137