téarma.ie foclóir.ie teanglann.ie gaois.ie logainm.ie
Ar ais chuig leagan don scáileán Back to screen version
An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge
The National Terminology Database for Irish
Gach réimse All domains Roghanna Options
194
Líon torthaí a aimsíodh
Number of matches found
» 1 2
An íosmhéid ama is gá d'imreoir fanacht tar éis dó leas a bhaint as cumas éigin sular feidir leis é a úsáid arís.
Minimum length of time that the player needs to wait after using an ability before they can use it again.
GAbrúphláta fir4
gu brúphláta, iol brúphlátaí
doras a fhaigheann cumhacht ó phláta urláir a bhaintear nuair a sheastar air
a door that's powered by a floor plate that trips when stood upon
GAbuanbhás fir1
gu buanbháis, iol buanbhásanna
Coincheap a bhaineann le cluichí inar gá tosú as an nua sa chás go bhfaigheann an carachtar bás.
A concept found in games where the game must be restarted if the character is killed.
D'fhéadfadh gur sampla de ghné gur féidir a mheas nach dtagann faoi raon feidhme shainmhíniú ar sheirbhísí cumarsáide idirphearsanta, i bprionsabal, cainéal cumarsáide i gcluichí ar líne, ag brath ar ghnéithe shaoráid chumarsáide na seirbhíse.
An example of a feature that could be considered to fall outside the scope of the definition of interpersonal communications services might be, in principle, a communication channel in online games, depending on the features of the communication facility of the service.
GAcampáil bain3
gu campála
Ag fanacht in aon suíomh amháin ar mhapa i gcluiche lámhaigh céad phearsan agus tú ag iarraidh buntáiste teaicticiúil a fháil ar namhad nó grúpa naimhde.
Act of staying in one spot in a map in a first person shooter video game to gain a tactical advantage over an enemy or group of enemies.
Físchluiche á imirt ag imreoir nuair nach bhfuil tiomantas fadtéarmach aige don chluiche agus é in ann tabhairt faoi go hannamh nó gan choinne.
Playing video games where a gamer does not have a long-term commitment to a game and can approach playing the game on an infrequent and spontaneous basis.
Cód a mbíonn tionchar aige ar an imirt, mar shampla dá dtabharfadh sé armlón gan teorainn duit nó dá gcuirfeadh sé ar do chumas aon dochar a sheachaint.
A code that affects game play, such as the ability to have unlimited ammunition or to never receive damage.
Troid ag deireadh leibhéil i bhfíschluiche nuair a théann tú in iomaíocht le namhad i bhfad níos láidre, a dtugtar bas air.
A fight at the end of a level in a video game whereby you typically fight a much larger enemy with much more health, called a boss.
Coincheap deartha i bhfíschluichí de réir mar a dhéantar láidreachtaí carachtair nó straitéis áirithe a chur in aghaidh míbhuntáiste comhréireach i réimse eile ionas nach mbeidh forlámhas ag carachtar nó cur chuige amháin.
A video game design concept where the strengths of a character or a particular strategy are offset by a proportional drawback in another area to prevent domination of one character or gaming approach.
Ciúta scéalaíochta leis an teannas dramatúil a uasmhéadú nuair is cosúil go bhfuil imreoir i mbaol tubaiste, ach éiríonn leis ealú arís agus arís eile leis an bhfarasbarr is lú.
A plot device by which dramatic tension in a story is maximized when the player often seems to be on the brink of disaster but is able to escape repeatedly from this situation by just the narrowest of margins
limistéar rúnda i bhfíschluiche a chuireann ar do chumas teileapórtáil go draíochtach chuig leibhéal eile, nó uaireanta bíonn do rogha leibhéal agat
a secret area of a video game that allows you to magically teleport to another level, possibly offering you a choice of levels
Cás inar féidir le hacmhainn amháin an ceann is fearr a fháil ar acmhainn eile ná a bheith cloíte aici.
A case whereby each resource has the ability to defeat and be defeated by another.
Straitéis imeartha ina ndíríonn an t-imreoir ar chosaint a fhorbairt seachas dul ar an ionsaí.
A gaming strategy where the player focuses on building up his defenses rather than going on the attack.
» 1 2