téarma.ie foclóir.ie teanglann.ie gaois.ie logainm.ie
Ar ais chuig leagan don scáileán Back to screen version
An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge
The National Terminology Database for Irish
FoclaíochtWording
FadLength
FairsingeExtent
TeangaLanguage
Roinn chaintePart of speech
RéimseDomain
Roghanna Options
238
Líon torthaí a aimsíodh
Number of matches found
« » 1 2 3
Various computing topics are called computer science - for example, abstract analysis of formal algorithms, grammar, and materials such as programming languages, program design, software and computer hardware.
Tugtar ríomheolaíocht ar ábhair éagsúla a bhaineann leis an ríomhaireacht - mar shampla, anailís theibí ar algartaim, gramadaigh foirmiúla, agus ábhair ar nós teangacha ríomhchlárúcháin, dearadh ríomhchláir, bogearraí agus crua-earraí ríomhaire.
It is thought that emoticons emerged in the internet era in 1982, when computer scientist Scott Fahlman recommended that 🙂 and 🙁 be used to identify jokes and serious statements from one another.
Meastar gur tháinig straoiseoga chun cinn i gceart i ré an idirlín i 1982, nuair a mhol an t-eolaí ríomhaireachta Scott Fahlman go mbainfí úsáid as 🙂 agus 🙁 le jócanna agus ráitis dháiríre a aithint ó chéile.
Moreover, high performance computing competence centres in Member States will provide high performance computing services to industry, academia and public administrations.
Thairis sin, le hionaid inniúlachtaí ríomhaireachta ardfheidhmíochta sna Ballstáit, soláthrófar seirbhísí ríomhaireachta ardfheidhmíochta don earnáil tionsclaíochta, domhan na hacadúlachta agus údaráis riaracháin phoiblí.
That requirement means that they are brought together under the system’s rules or by means of the system’s protocols or internal operating procedures, including procedures embodied in computer software.
Ciallaíonn an ceanglas sin go dtugtar le chéile iad faoi rialacha an chórais nó trí bhíthin phrótacail nó nósanna imeachta oibríochta inmheánacha an chórais, lena n-áirítear nósanna imeachta atá ina gcuid de bhogearraí ríomhaireachta.
... technical services which use virtual testing methods shall provide evidence of their ability to work in a Computer-Aided-x environment...
... maidir le seirbhísí teicniúla a úsáideann modhanna tástála fíorúla, tabharfaidh siad fianaise ar a gcumas oibriú i dtimpeallacht ríomhchuidithe...
Computers, Computer Science A technique for using computers to help with one or more phases of the software life-cycle, including the systematic analysis, design, implementation and maintenance of software. Adopting the CASE approach to building and maintaining systems involves software tools and training for the developers who will use them.
Ríomhairí, Ríomheolaíocht Teicníc chun ríomhairí a úsáid le cabhrú le céim amháin, nó breis, de shaolré bogearraí ar a n-áirítear anailís, dearadh, cur i ngníomh agus cothabháil bogearraí go córasach. Ní mór uirlisí bogearraí agus traenáil a bheith ar fáil d'fhorbróirí a úsáideann cur chuige CASE chun córais a thógáil agus a chothabháil.
1. Member States shall send to the Commission, in a computer-readable form, a list of all vessels flying their flag and registered in the Union which are authorised to fish in the Regulatory Area, in particular the vessels authorised to fish directly for one or more regulated resources together with any amendments to the list.
1. Cuirfidh na Ballstáit liosta de na soithí uile a bhfuil bratach na mBallstát sin ar foluain acu agus atá cláraithe san Aontas, agus atá údaraithe chun iascaireacht a dhéanamh sa Limistéar Rialála, chuig an gCoimisiún i bhfoirm a bheidh inléite ag ríomhaire, go háirithe na soithí sin atá údaraithe chun iascaireacht a dhéanamh ar cheann amháin nó níos mó de na hacmhainní rialáilte maille le haon leasuithe ar an liosta.
GAóstríomhaire fir4
gu óstríomhaire, iol óstríomhairí
Computers, Computer Science 1. In a computer network, a computer that usually performs network control functions and provides end users with services such as computation and database access. 2. The primary or controlling computer in a multiple computer installation. 3. A computer used to prepare programs for use on another computer or on another data processing system; for example, a computer used to compile, link edit, or test programs to be used on another system. 4. Synonym for host processor.
Ríomhairí, Ríomheolaíocht 1. Ríomhaire i líonra ríomhairí, de ghnáth ríomhaire a chuireann feidhmeanna rialaithe líonra i gcrích agus a sholáthraíonn seirbhísí, ar nós ríomhaireacht agus rochtain bunachair sonraí, d'úsáideoirí deiridh. 2. An príomhríomhaire nó an ríomhaire rialaithe i suiteáil ilríomhairí. 3. Ríomhaire a úsáidtear le ríomhchláir a ullmhú le húsáid ar ríomhaire eile nó ar chóras próiseála sonraí eile; mar shampla, ríomhaire a úsáidtear le cláir a theaglam, eagarthóireacht nasc a dhéanamh, nó cláir a thástáil le húsáid ar chóras eile. 4. Comhchiallach le hóstphróiseálaí.
« » 1 2 3