téarma.ie foclóir.ie teanglann.ie gaois.ie logainm.ie
Ar ais chuig leagan don scáileán Back to screen version
An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge
The National Terminology Database for Irish
Gach réimse All domains Roghanna Options
136
Líon torthaí a aimsíodh
Number of matches found
« 1 2
An rialú a bhunaítear ar ábhar cartlainne trí fhaisnéis a sholáthar in áiseanna aimsithe maidir le foinse, cur in eagar, comhdhéanamh, scóip, inneachar ó thaobh faisnéise de agus gaolmhaireachtaí inmheánacha agus seachtracha an ábhair lena mbaineann.
The control established over archival material by documenting in finding aids its provenance, arrangement, composition, scope, informational content and internal and external relationships.
An próiseas a bhaineann leis an bhfoirm is fearr le haghaidh ceannteidil atá le húsáid i gcatalóg, amhail ainm dílis nó ábhar, agus á chinntiú go n-úsáidtear na ceannteidil sin i ngach catalóg.
The process of establishing the preferred form of a heading, such as proper name or subject, for use in a catalogue, and ensuring that all catalogue records use such headings.
GArochtain bain3
gu rochtana
An cumas chun úsáid a bhaint as ábhar ó chnuasach aon fhoinse nó ó bhailiúchán, faoi réir rialacha agus coinníollacha.
The ability to make use of material from a fonds or collection, subject to rules and conditions.
Digitiú taifead a bhí i bhformáid pháipéir ar dtús agus iad a thógáil isteach i gcóras bainistithe doiciméad leictreonach.
The digitisation of records originally in paper format and ingestion into an electronic document management system.
Plean i leith sainaithint chórasach agus eagrú córasach gníomhaíochtaí agus taifead gnó ina gcatagóirí de réir gnáis, modhanna agus rialacha nós imeachta atá struchtúrtha go loighiciúil.
A plan for the systematic identification and arrangement of business activities and records into categories according to logically structured conventions, methods and procedural rules
Creat lena ndéantar sraith caighdeánach eilimintí meiteashonraí agus a n-idirghaolmhaireachtaí a shonrú agus a thuairisciú, ar eilimintí agus idirghaolmhaireachtaí iad nach mór iad a thaifeadadh d’fhonn sainaithne taifead agus barántúlacht taifead a chinntiú. Soláthraíonn scéimrí comhréir fhoirmiúil (nó struchtúr foirmiúil) agus séimeantaic (nó sainmhínithe) le haghaidh na n-eilimintí meiteashonraí.
A framework that specifies and describes a standard set of metadata elements and their interrelationships that need to be recorded to ensure the identification of records and their authenticity. Schemas provide a formal syntax (or structure) and semantics (or definitions) for the metadata elements.
GAséala fir4
gu séala, iol séalaí
ENseal s
(on document, etc.)
arna thabhairt faoi mo shéala oifigiúil
given under my official seal
go ngreamófar séala na comhairle de...
that the council seal be affixed to...
GAsealbhú fir (próiseas)
gu sealbhaithe
sealbhúchán fir1 (toradh)
gu sealbhúcháin, ai sealbhúcháin, gi sealbhúchán
An próiseas faoina nglactar seilbh ar thaifid ó fhoinse ar bith trí thaisceadh, bronnadh nó ceannachán, nó an cnuasach taifead a nglactar seilbh air ar an gcaoi sin.
The process of acquiring records from any source by deposit, donation, or purchase, or the body of records so acquired.
Doiciméad nó rian páipéir ina dtaispeántar an tsraith oifigí nó daoine a raibh urghabháil, seilbh, smacht, aistriú, anailís agus diúscairt na fianaise fisiciúla agus leictreonaí acu.
Document or paper trail showing the succession of offices or persons having seizure, custody, control, transfer, analysis, and disposition of physical and electronic evidence.
Gan sonraí a bheith modhnaithe d’aon ghnó nó de thaisme gan údarú cuí
The fact that data are not modified either intentionally or accidentally without proper authorisation.
... rianta iniúchta leordhóthanacha agus sláine sonraí i gcórais sonraí...
... adequate audit trails and data integrity in data systems...
Carachtar sainiúil taifid atá inaitheanta trí na saintréithe uathúla a bhaineann leis agus a idirdhealaíonn é ó thaifid eile.
Quality of being whole and unaltered from loss, tampering or corruption.
GAsonraí fir iol
gi sonraí
Ríomhairí, Ríomheolaíocht Fíricí, coincheapanna, carachtair nó cainníochtaí neamhphróiseáilte nó fuara, atá ar fáil chun faisnéis a bhaint astu trína bpróiseáil i gcóras próiseála sonraí, le láimh, go meicniúil, nó go leictreonach.
Computers, Computer Science Unprocessed or raw facts, concepts, characters, or quantities available for processing into information by a manual, mechanical, or electronic data-processing system.
An tsraith oifigí nó daoine a raibh an cnuasach doiciméad á choimeád acu ó uair a chruthaithe go dtí gur ghlac taisclann chartlainne nó lámhscríbhinní seilbh air.
The succession of offices or persons who had custody of a body of documents from its creation to its acquisition by an archives or manuscript repository.
Comhad dénártha arna cheangal le taifead a thugann le fios an t-am ar tharla teagmhas, cosúil le cruthú, fáil, léamh, leasú nó scrios
A binary code attached to a record indicating the time that an event occurred, such as creation, receipt, reading, modification or deletion
GAtaifead fir1
gu taifid, ai taifid, gi taifead
Faisnéis arna cruthú, fáil agus cothabháil mar fhianaise agus faisnéis ag eagraíocht nó ag duine de bhun oibleagáidí dlíthiúla nó le linn gnó a sheoladh.
Information created, received, and maintained as evidence and information by an organisation or person, in pursuance of legal obligations or in the transaction of business.
Doiciméad analógach a chaitear leis agus a bhainistítear mar thaifead.
An analogue document that is treated and managed as a record.
Taifead ar léir ina leith gurb ionann é agus an méid a airbheartaítear ina leith agus go bhfuil sé saor ó chrioscaíl nó ó éilliú.
A record that is what it purports to be and that is free from tampering or corruption.
Doiciméad a n-áirítear leis ábhar arna thógáil ó fhoinsí seachtracha a mbíonn athruithe ag teacht air de réir mar a athraíonn na foinsí seachtracha sin.
A document that includes content taken from external sources that changes as those external sources change.
Doiciméad, go háirithe leathanach gréasáin, a dtagann athrú air trí idirbhearta tréimhsiúla idir an cliant agus an freastalaí
A document, especially a web page, that changes content through periodic transactions between the client and server.
Foirm nó logleabhar ina ndéantar achoimre ar na téarmaí agus coinníollacha a bhaineann le taifid a thaisceadh le hinstitiúid.
A form or log that summarises the terms and conditions of a deposit of records at an institution.
Taifead nach bhfuil gá leis a thuilleadh chun an gníomh ar ina leith a cruthaíodh é a chur i gcrích ach a bhfuil gá leis le go bhféadfaidh cruthaitheoir an taifid úsáid a bhaint as mar ábhar tagartha.
A record which is no longer needed for the purpose of carrying out the action for which it was created, but which is needed by the records creator for reference.
Taifead nach bhfuil gá leis a thuilleadh chun gnó reatha a sheoladh ach ar taifead é atá á chaomhnú go dtí go sroicheann sé deireadh a thréimhse coimeádta.
A record no longer needed to conduct current business but preserved until it meets the end of its retention period.
Taifid nach n-úsáidtear a thuilleadh i gcúrsa laethúil gnó ach ar taifid iad a chaomhnaítear agus a úsáidtear ó thráth go chéile ar mhaithe le cuspóirí dlí, staire nó oibríochta. Féach freisin: Taifid reatha, Taifid leathreatha.
Records that are no longer used in the day-to-day course of business, but which are preserved and occasionally used for legal, historical or operational purposes. See also: Current records, Semi-current records.
Taifid a úsáidtear go rialta chun críche sheoladh an ghnó reatha; taifid ghníomhacha.
Records regularly used for the conduct of the current business; active records
Iontráil i gcomhad údaráis a bhfuil eolas ann faoin bhfoirm inmhianaithe d’ainm nó teideal ábhair.
An entry in an authority file that contains information about the preferred form of a name or subject heading.
GAtiontú fir
gu tiontaithe, iol tiontuithe
tiontúchán fir1
gu tiontúcháin
(from one format or data type to another)
Ríomhairí, Ríomheolaíocht I dteangacha ríomhchlárúcháin, an trasfhoirmiú idir luachanna a léiríonn an mhír chéanna sonraí ach a bhaineann le cineálacha éagsúla sonraí. Féadtar eolas a chailliúint sa tiontú ós rud é go mbíonn cruinneas léirithe sonraí éagsúil idir cineálacha éagsúla sonraí.
Computers, Computer Science In programming languages, the transformation between values that represent the same data item but belong to different data types. Information may be lost due to conversion since accuracy of data representation varies among different data types.
Tátal maidir le taifead a bheith barántúil, ar tátal é a dhéantar ar bhonn fíorais atá ar eolas faoin modh inar cruthaíodh agus inar cothabháladh an taifead lena mbaineann.
An inference as to the fact of a record’s authenticity that is drawn from known facts about the manner in which that record has been created and maintained.
An próiseas a bhaineann le taifead nó bailiúchán taifead a anailísiú agus a eagrú agus le mionsonraí faoi na gnéithe foirmiúla díobh a thaifeadadh, is é sin, gnéithe amhail cruthaitheoir, teideal, dátaí, méid agus inneachar, d’fhonn sainaithint agus bainistiú an tsaothair a éascú agus d’fhonn tuiscint ar an saothar a éascú.
The process of analysing, organising, and recording details about the formal elements of a record or collection of records, such as creator, title, dates, extent, and contents, to facilitate the work's identification, management, and understanding.
Toradh a leithéid de phróiseas.
The product of such a process
Áis aimsithe nó uirlis eile rochtana ina gcuimsítear tuairiscí idirghaolmhara ar leithligh ar an taifead iomlán nó ar chodanna de, agus ina léirítear ordlathas na n-ábhar atá á dtuairisciú.
A finding aid or other access tool that consists of separate, interrelated descriptions of the whole and its parts, reflecting the hierarchy of the materials being described.
An t-aonad cartlainne is lú nach féidir aon roinnt intleachtúil eile a dhéanamh air (e.g. litir, meamram, tuairisc, nó grianghraf), agus a ndéantar tuairisc ansin air.
The smallest intellectually indivisible archival unit (e.g., a letter, memorandum, report, or photograph) which is then described.
An uimhir uathúil nó an cód uathúil a shanntar chun forshealbhúchán a shainaithint go buan.
The unique number or code assigned to permanently identify an accession
« 1 2