téarma.ie foclóir.ie teanglann.ie gaois.ie logainm.ie
Ar ais chuig leagan don scáileán Back to screen version
An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge
The National Terminology Database for Irish
Roghchlár Menu

Eolas cosanta sonraí

Baineann an t-eolas seo leis an suíomh gréasáin poiblí téarma.ie.

Cé na sonraí úsáide a bhailímid

Bailímid sonraí úsáide áirithe le cabhair seirbhísí mar Plausible. Úsáidimid Plausible chun eolas a thaifeadadh mar gheall ar cad as a dtagann ár gcuid úsáideoirí agus cad a dhéanann siad agus iad ar an suíomh. Bailíonn agus stórálann Plausible sonraí teicniúla faoin mbrabhsálaí agus faoin ríomhaire a úsáidtear chun cuairt a thabhairt ar an suíomh. Úsáidtear fianán chun eolas a stóráil faoin gcuardach deireanach a rinne tú ar an suíomh. Stóráiltear an t-eolas seo ar feadh 24 uair an chloig agus ní bhíonn an fianán nasctha le sonraí pearsanta ar bith de do chuid.

Conas a úsáidimid na sonraí úsáide seo

Usáidimid na sonraí bailithe ag Plausible chun tuairiscí comhiomlánaithe a chruthú ar líon, suíomh agus gníomhaíocht ár n-úsáideoirí. Cuireann na tuairiscí seo bonn eolais faoinár bpleananna forbartha don todhchaí. Ní sonraí pearsanta na sonraí seo, de réir shainmhíniú GDPR an AE, agus ní chuireann na sonraí seo ar ár gcumas úsáideoirí aonair a shainaithint.

Coimeádaimid an ceart againn féin méadracht úsáide chomhiomlánaithe a thuairisciú agus/nó a fhoilsiú.

Cá fhad a stórálaimid na sonraí úsáide seo

Ós rud é go bhfuil na sonraí seo anaithnidithe, stórálaimid go deo iad. Ligeann seo dúinn forbairt ár mbonn úsáideoirí thar shaolré an tionscadail a rianú.

Cé na sonraí cuardaigh a bhailímid

Gach uair a chuardaíonn tú an suíomh, stórálaimid na sonraí seo a leanas:

  1. Céard dó a chuardaigh tú;
  2. Cathain a rinne tú an cuardach;
  3. Cé na torthaí a fuair tú;
  4. Cá fhad a thóg an cuardach;
  5. Seoladh IP do ghléis.

Cén úsáid a bhainimid as na sonraí cuardaigh seo

An miosúr is fearr ar rath ár dtionscadail is ea comhaireamh na gcuardach a dhéanann úsáideoirí an tsuímh. Anuas air sin, úsáidimid 1–4 chun cuidiú linn monatóireacht a dhéanamh ar ár bhfeidhmíocht agus chun ár seirbhís a fheabhsú. Mar shampla, má thugaimid faoi deara go bhfuil téarma cuardaigh faoi leith ag cruthú fadhbanna dár gcóras, féachfaimid le réiteach a chur i bhfeidhm. Nó má thugaimid faoi deara go bhfuil gach cuardach rómhall, fiosróimid an gá rud éigin a optamú nó an bhfuil níos mó cumhachta ríomhaireachta de dhíth ar ár gcuid seirbhísí.

Teastaíonn 5 (i.e. ‘Seoladh IP do ghléis’) chun a dheimhniú go bhfuil an cuardach á dhéanamh ag duine seachas ag ríomhchlár ar nós scríobaire gréasáin. Mar shampla, má thugaimid faoi deara go bhfuil líon mór cuardach á dhéanamh ag seoladh IP faoi leith, is féidir linn na cuardaigh sin a chur as an áireamh ónár gcuid staitisticí cuardaigh, má mheastar gur gá. Ní úsáidimid na sonraí seo le húsáideoirí aonair a aithint riamh.

Coimeádaimid an ceart againn féin sonraí cuardaigh comhiomlánaithe a thuairisciú agus/nó a fhoilsiú.

Cá fhad a stórálaimid na sonraí cuardaigh seo

Ós rud é nach sonraí pearsanta atá i 1–4, stórálaimid go deo iad. Scriosaimid seoltaí IP atá comhcheangailte le cuardaigh atá níos mó ná bliain d’aois ar an gcéad lá de gach mí féilire.

Toiliú

Nuair a théann tú isteach inár suíomh gréasáin toilíonn tú seasamh le gach polasaí agus cleachtas atá leagtha amach sa dhoiciméad seo.

Teagmháil

Má tá aon cheist agat maidir leis an bpolasaí seo is féidir dul i dteagmháil linn ag tearma@dcu.ie.