téarma.ie foclóir.ie teanglann.ie gaois.ie logainm.ie
Ar ais chuig leagan don scáileán Back to screen version
An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge
The National Terminology Database for Irish
Roghchlár Menu

Eolas Faoin Ábhar

Foilseacháin an Choiste Téarmaíochta

Ba chóir a thabhairt faoi deara go bhfuil eagarthóireacht á déanamh ar an mbunachar go seasta agus más ea, nach bhfuil sonraí na bhfoclóirí seo ar aon dul leis na leaganacha foilsithe i gcónaí.

Stoc Téarmaíochta an Choiste Téarmaíochta

Céard é an stoc seo?

Is é atá ar fáil sa phríomhbhailiúchán téarmaíochta ar shuíomh www.téarma.ie ná an stoc téarmaíochta a bailíodh in oifig an Choiste Téarmaíochta in imeacht na mblianta. Seo thíos na cineálacha éagsúla foinsí a cuimsíodh sa bhailiúchán.

Foclóirí sainréimse

Tháinig ann don stoc seo, go príomha, de bharr na hoibre a tionscnaíodh sa Roinn Oideachais i 1927 chun téarmaí teicniúla a sholáthar don chóras oideachais, idir théacsleabhair, pháipéir scrúdaithe agus cháipéisíocht oideachais. Dá réir sin, is ar ábhair na siollabas bunscoile agus meánscoile is mó a bhíothas ag díriú thar na blianta.

Rinneadh formhór na hoibre seo trí fhochoistí saineolaithe sna réimsí eolais a bhunú chun tacar coincheap a measadh a bheith riachtanach chun na hábhair sin a theagasc a phlé agus téarmaí caighdeánacha a mholadh ina leith, a bheadh le foilsiú i bhfoirm sainfhoclóirí. Ag éirí as an obair seo, foilsíodh os cionn 20 foclóir téarmaíochta i sainréimsí éagsúla. Is iad na foclóirí is deireanaí ar foilsíodh leaganacha crua díobh ná Ainmneacha Dílse an Nua-Thiomna, an Foclóir Litríochta agus Critice agus an Foclóir Seoltóireachta.

Le blianta beaga anuas, is go leictreonach a fhoilsítear torthaí obair na bhfochoistí, ar téarma.ie. Na bailiúcháin is déanaí a foilsíodh ná Téarmaí Teicneolaíocht Faisnéise, Téarmaí Ealaíon agus an Foclóir Nua Spóirt.

Thairis sin, tá roinnt foclóirí a thiomsaigh eagarthóirí seachtracha a d’fhoilsigh Foras na Gaeilge, nó a bhfuarthas cead ó na heagarthóirí ina leith, cuimsithe sa stoc téarmaíochta seo, m.sh. An Tobar [lámhleabhar téarmaíocht don earnáil phoiblí], Foclóir Parlaiminte, Foclóir Fealsaimh, Foclóir Reiligiúin, Foclóir FIONTAR, Gluais de Théarmaí Teileachumarsáide, Lámhleabhar Bia agus Dí, Lámhleabhar Miondíola.

Liostaí sainréimse

I gcásanna eile, tiomsaíodh liostaí téarmaíochta bainteach le hábhair faoi leith agus rinneadh iad a scaipeadh ar chigirí agus ar mhúinteoirí sna hábhair sin. Cuirtear cóipeanna ar fáil do bhaill den phobal ar iarratas. Cuid de na liostaí seo, is saothair idir lámha iad a dhéantar a nuashonrú ó am go chéile i dtreo tionscadal éagsúil atá beartaithe, m.sh. Téarmaí Matamaitice, Téarmaí Seandálaíochta, Téarmaí Spóirt, Téarmaí Staire. Cuimsíodh cuid eile de na liostaí i sainfhoclóirí de réir mar a bhídís á n-ullmhú, m.sh. foilsíodh na liostaí san Adhmadóireacht, sa Líníocht Theicniúil agus sa Mhiotalóireacht in Foclóir Ceirdeanna agus Teicneolaíochta, foilsíodh Téarmaí Oifige agus Téarmaí Cuntasaíochta agus Eagraithe Gnó in Foclóir Staidéir Ghnó, agus foilsíodh bunleagan den liosta Matamaitice in Foclóir Eolaíochta.

Liostaí eile fós, tiomsaíodh iad i gcomhar le heagraíochtaí seachtracha a bhí i mbun lámhleabhar, gluais téarmaíochta nó táirgí bogearra a ullmhú ina sainréimse féin. Bhí an Coiste Téarmaíochta páirteach i 15 fhoilseachán den chineál seo, agus i roinnt táirgí bogearra. Ina measc tá saothair a d’fhoilsigh An Garda Síochána, An Roinn Comhshaoil agus Údarás Áitiúil, Birdwatch Ireland, Garraithe Náisiúnta na Lus, Óglaigh na hÉireann, RTÉ, Sherkin Island Marine Station, Telecom Éireann (Eir anois), Microsoft Corporation agus Sony Corporation.

Téarmaíocht ilghnéitheach

Bailíodh na téarmaí a d’eascair as fiosrúcháin ón bpobal a fuarthas in imeacht na mblianta i bhfoirm liostaí ilghnéitheacha. Tiomsaíodh dhá bhailiúchán mhóra den téarmaíocht ilghnéitheach seo bunaithe ar na tréimhsí 1985-2000 agus 2000-2005 agus foilsíodh ar líne iad (ar shuíomh www.acmhainn.ie). Ó shin i leith, déantar an téarmaíocht ilghnéitheach a ionchur i mbunachar téarmaíochta téarma.ie.

Bunachar náisiúnta téarmaíochta á bhunú

Beartaíodh bunachar téarmaíochta focal.ie/téarma.ie a fhorbairt chun bainistiú agus léiriú a dhéanamh ar iomlán an ábhair a bhí bailithe ag an gCoiste Téarmaíochta. Mar chéad chéim, ionchuireadh an líon foinsí a bhí ar fáil cheana féin i bhfoirm leictreonach. Ansin, rinneadh foinsí eile a scanadh agus a ionchur. D’fhág sin go raibh iliomad foinsí, idir ábhar foilsithe agus ábhar neamhfhoilsithe, tiomsaithe le chéile in aon mhórfhoinse amháin. Buntáiste an-mhór ab ea é seo ó thaobh rochtain a bheith ag an bpobal agus ag an bhfoireann ar an stoc téarmaíochta go réidh. Gineadh sraitheanna éagsúla ceisteanna as an obair thiomsúcháin seo, áfach, agus tá obair leanúnach ar bun chun dul i ngleic leis na ceisteanna seo.

Is iad na cineálacha ceisteanna is mó atá ag teacht chun cinn ná:

  • cén chaoi le hidirdhealú a dhéanamh idir choincheapa éagsúla a bhfuil an téarma céanna luaite leo;
  • cén chaoi le hidirdhealú nó roghnú idir théarmaí éagsúla a bailíodh faoin gcoincheap céanna;
  • ceisteanna faoi leaganacha éagsúla den choincheap céanna a bheith luaite le téarmaí éagsúla (i mBéarla agus i nGaeilge);
  • ceisteanna faoi théarmaí áirithe a bheith imithe as úsáid nó a bheith lochtach ar chúis éigin;
  • ceisteanna faoi théarmaí seachas a chéile a bheith níos coitianta sa teanga bheo ná sa teanga scríofa;
  • ceisteanna faoi na réimeanna teanga a bhaineann le téarmaí éagsúla faoin gcoincheap céanna;
  • ceisteanna faoi théarmaí bunaithe ar mhíreanna dúchasacha Gaeilge seachas iasachtaí;
  • ceisteanna faoi litriú agus gramadach iasachtaí;
  • ceisteanna litrithe, poncaíochta agus gramadaí i gcoitinne.

Modhanna Eagarthóireachta

Le déileáil leis na ceisteanna thuasluaite, tá na tascanna seo idir lámha ag baill foirne in oifig an Choiste agus in oifigí Gaois, de réir chomhairle an Choiste Téarmaíochta:

  • noda imdhealaithe a chur le coincheapa éagsúla a bhfuil an téarma céanna luaite leo;
  • roghnú idir théarmaí éagsúla a bailíodh faoin gcoincheap céanna ar bhonn cruinnis, coitiantachta, sothuigtheachta, comhordaithe, aois an bhailiúcháin ina bhfuarthas iad - cuirtear an nod 'dímholta' leis na cinn eile;
  • leaganacha éagsúla den choincheap céanna a chumasc mar aon choincheap amháin;
  • an nod 'dímholta' a chur le téarmaí a meastar a bheith imithe as úsáid nó lochtach; coincheapa a meastar a bheith lochtach a scrios agus cinn inghlactha a chruthú;
  • an nod 'gnáthchaint' a chur le téarmaí atá níos coitianta sa teanga bheo ná sa teanga scríofa;
  • an nod 'gnáthchaint' a chur le téarmaí a bhaineann le réim teanga na gnáthchainte agus noda eile ar nós 'in úsáid', 'in úsáid SAM', 'reachtaíocht' a chur le téarmaí eile ó réimeanna teanga éagsúla atá luaite leis an gcoincheap céanna;
  • anailís a dhéanamh ar choimhlintí idir théarmaí bunaithe ar mhíreanna dúchasacha agus iasachtaí ar bhonn cruinnis, sothuigtheachta, coitiantachta, comhordaithe, aois an bhailiúcháin ina bhfuarthas iad; roghnú a dhéanamh agus an nod 'dímholta' nó 'in úsáid' a chur leis na cinn eile;
  • botúin agus míréireanna litrithe, gramadaí agus poncaíochta a cheartú nó a chomhordú.