téarma.ie foclóir.ie teanglann.ie gaois.ie logainm.ie
Ar ais chuig leagan don scáileán Back to screen version
An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge
The National Terminology Database for Irish
Roghchlár Menu

An ceangal idir téarma.ie agus Nua-Chorpas na hÉireann

Cad é Nua-Chorpas na hÉireann?

Is bailiúchán mór téacsanna Gaeilge é Nua-Chorpas na hÉireann a bhfuil timpeall is 30 milliún focal ann. Tá réimse leathan téacsanna ar fáil sa chorpas: saothair ficsin, téacsanna faisnéise, tuairiscí nuachta, cáipéisí oifigiúla agus eile. Tá an corpas cóirithe sa chaoi gur féidir taighde teangeolaíoch a dhéanamh air – mar shampla, samplaí a aimsiú d'fhocail faoi leith agus iad á n-úsáid i gcomhthéacs, nó minicíocht focal a fhiosrú.

Foras na Gaeilge a thionscain Nua-Chorpas na hÉireann mar chuid de thionscadal an Fhoclóra Nua Béarla-Gaeilge. Sa bhreis air sin, tá an corpas ar fáil don phobal ar shuíomh faoi leith, <corpas.focloir.ie>. An comhlacht Lexical Computing Limited a chruthaigh an suíomh sin i gcomhar le Fiontar & Scoil na Gaeilge, DCU. Tá suíomh an chorpais nasctha leis an mbunachar téarmaíochta téarma.ie sa tslí gur féidir samplaí úsáide na dtéarmaí Gaeilge a lorg sa chorpas go saoráideach ach cliceáil ar dheilbhín in aice leis na téarmaí. (Téarmaí Gaeilge amháin atá i gceist. Téarmaí nach bhfuil deilbhín in aice leo, níl siad le fáil sa chorpas.)

Rochtain ar Nua-Chorpas na hÉireann

An chéad uair a chliceálann tú ar an deilbhín, feicfidh tú preabfhuinneog ag iarraidh ainm agus pasfhocal ort. Tá sé sin amhlaidh de bharr go gcaithfear clárú roimh ré chun an corpas a úsáid. Nuair a chuimsítear téacs mar chuid de chorpas ní chailleann an téacs aon chuid den chosaint dhlíthiúil atá aige faoi dhlí an chóipchirt. Is mar gheall air seo a chaithfear clárú chun rochtain a fháil ar Nua-Chorpas na hÉireann. Mura bhfuil tú cláraithe cheana, cuir an phreabfhuinneog ar ceal agus gheobhaidh tú treoracha maidir leis an modh cláraithe. Níl le déanamh ach foirm a líonadh ar líne agus fanacht go bhfaighidh tú deimhniú ar an ríomhphost ó Fhoras na Gaeilge. De ghnáth, ba cheart go bhfaighfeá an deimhniú sin taobh istigh de lá oibre. Beidh tú ábalta an corpas a úsáid ansin.

Má tá tú cláraithe cheana, scríobh d’ainm agus do phasfhocal sa phreabfhuinneog sin. Ní gá é seo a dhéanamh ach uair amháin; ní iarrfaidh an suíomh arís ort é má tá tú logáilte isteach cheana.

Conas an corpas a úsáid

Tar éis duit teacht chuig an gcorpas ó téarma.ie, gheobhaidh tú leathanach agus trí chineál sonraí ann:

  1. Comhchordacht: Feicfidh tú liosta samplaí den fhocal nó den téarma á úsáid in abairtí a roghnaíodh go huathoibríoch as an gcorpas. Beidh timpeall is deich sampla á léiriú ar an leathanach seo agus is féidir teacht ar a thuilleadh díobh ach cliceáil ar an nasc ‘tuilleadh’.
  2. Comhlogaíochtaí: Sa bhosca ar dheis, feicfidh tú liosta de na deich bhfocal is minice a úsáidtear in éineacht leis an bhfocal a chuardaigh tú. Mar shampla, má chuardaíonn tú doras, gheobhaidh tú focail ar nós oscail, dúnta, plab agus eile. Arís, is féidir tuilleadh díobh a fháil ach cliceáil ar an nasc ‘tuilleadh’. Tá liosta na gcomhlogaíochtaí seo bunaithe ar eolas a baineadh as an gcorpas go huathoibríoch.
  3. Staitisticí: Ag bun an leathanaigh, gheobhaidh tú eolas staitistiúil i dtaobh úsáid an fhocail de réir critéar áirithe, mar shampla de réir seánra nó canúna. Mar shampla, má chuardaíonn tú fata, feicfidh tú gur i gConnachta is coitianta é. Arís, tá na staitisticí seo bunaithe ar eolas a baineadh as an gcorpas go huathoibríoch. Is féidir teacht ar a thuilleadh staitisticí ach cliceáil ar an nasc ‘tuilleadh’.

Ina theannta sin, is féidir an corpas a úsáid go neamhspleách ar téarma.ie ach dul chuig <corpas.focloir.ie>, logáil isteach agus focal nó téarma a scríobh isteach sa bhosca cuardaigh ar an leathanach baile.

Cuardaigh níos casta

Más maith leat cuardaigh níos casta a dhéanamh sa chorpas ná mar is féidir ar an leathanach baile, is féidir leas a bhaint as na roghanna sa roghchlár ar chlé. Seo achoimre ar na roghanna atá ar fáil ann.

Comhchordacht: Anseo, is féidir leat abairtí a aimsiú agus a liostú as an gcorpas bunaithe ar na focail a thagann chun cinn iontu. Tá an cuardach seo níos cumhachtaí ná an ceann atá ar fáil ar an leathanach baile; mar shampla, má roghnaíonn tú ‘leama’ sa bhosca aníos, beidh tú ábalta cuardach a dhéanamh beag beann ar fhoirm an fhocail: clóscríobh fuinneog agus gheobhaidh tú abairtí ina bhfuil foirm infhillte nó chlaochlaithe ar bith den fhocal: fuinneoige, bhfuinneog agus mar sin de. Sa bhreis air sin, is féidir an liosta abairtí a shórtáil agus a scagadh de réir critéar éagsúil.

Liosta Focal: Anseo, is féidir liostaí éagsúla focal a bhaint as an gcorpas, mar shampla liosta na bhfocal is coitianta a thagann chun cinn sa Ghaeilge, agus mar sin de.

Achoimre Focal: Rannóg é seo a thugann deis duit féachaint ar na focail eile a úsáidtear go minic in éineacht leis an bhfocal a chuardaigh tú. Cuirtear na torthaí i láthair i liostaí de réir an choibhnis ghramadaí atá idir an dá fhocal. Mar shampla, má chuardaíonn tú briathar, gheobhaidh tú liosta amháin de na cuspóirí is minice a ghabhann leis an mbriathar, liosta eile de na hainmnithe is minice a ghabhann leis, agus mar sin de. Cuimhnigh go mbaintear an t-eolas seo as an gcorpas go huathoibríoch agus, dá bhrí sin, ní gá go mbeidh sé go hiomlán cruinn i gcónaí.

Teasáras: Is féidir focal a chlóscríobh anseo agus liosta a fháil de na focail eile atá cosúil leis ó thaobh a bpatrún úsáide. Mar shampla, má chuardaíonn tú an aidiacht folláin, gheobhaidh tú roinnt aidiachtaí eile ar nós sláintiúil agus sábháilte. Go bunúsach, is liosta é seo d’fhocail ar dócha gur comhchiallaigh iad de bharr go n-úsáidtear ar bhealach cosúil iad. Ach arís, cuimhnigh gur baineadh an t-eolas as an gcorpas go huathoibríoch agus, dá bhrí sin, ní gá go mbeidh na focail seo ina gcomhchiallaigh i gcónaí.

Difríocht: Is áis í seo chun an difríocht idir dhá fhocal a fhiosrú, bunaithe ar na focail a bhíonn in aice leo. Má scríobhann tú dhá fhocal atá gar dá chéile ó thaobh brí de, abair leanbh agus páiste, gheobhaidh tú eolas a chuideoidh leat an difríocht eatarthu a thuiscint: feicfidh tú gur focail ar nós saolaigh agus baist a úsáidtear de ghnáth le leanbh, agus gur focail ar nós múin agus foghlaim a úsáidtear de ghnáth le páiste.

Breis eolais

Tá suíomh an chorpais bunaithe ar Sketch Engine, bogearra cuardaigh corpais de chuid Lexical Computing Limited. Má tá breis eolais uait maidir leis na háiseanna atá ar fáil ar an suíomh, tá treoir chuimsitheach le fáil i gcomhaid chabhrach Sketch Engine féin.