An Coiste Téarmaíochta
Tá sé mar aidhm ag an gCoiste Téarmaíochta téarmaíocht údarásach chaighdeánach Ghaeilge a fhorbairt, a fhaomhadh agus a chur ar fáil chun tacú leis an nGaeilge mar mheán cumarsáide i sochaí nua-aoiseach.
Tionóltar cruinnithe míosúla den Choiste Téarmaíochta, coiste deonach ar a bhfuil c.25 ball a cheaptar ar feadh tréimhse trí bliana. Socraíonn an Coiste Téarmaíochta prionsabail téarmaíochta, déanann siad an obair a phleanáil agus a mhaoirsiú, ceapann siad téarmaí, déileálann siad le fiosruithe ilghnéitheacha ón bpobal agus le ceisteanna aistriúcháin ó oifigí Gaeilge an AE, agus bunaíonn siad fochoistí saineolaithe de réir mar is gá.
Is féidir teagmháil dhíreach a dhéanamh le foireann an Choiste Téarmaíochta trí ríomhphost a sheoladh chuig tearmai@forasnagaeilge.ie nó trí ghlaoch ar 01-6398418.
Baill reatha an Choiste Téarmaíochta
- Fidelma Ní Ghallchobhair, Cathaoirleach
- Donla uí Bhraonáin, Leaschathaoirleach
- Andreas Vogel
- Antain Mag Shamhráin
- Colmcille Ó Monacháin/Donal Foley/Helen Hegarty (ex officio: An Coimisiún Eorpach)
- Caitríona Ní Chathail
- Cathal Mac Coille
- Cathal Mac Gabhann/Éanna Ó Ceallaigh/Gráinne Aylward/Michael Greene/PJ Mac Gabhann (ex officio: Ardrúnaíocht Chomhairle na nAirí)
- Ciarán Mac Raghnaill (ex officio: Rannóg an Aistriúcháin)
- Darragh Murphy
- Dr Dónal Ó Muirthuile
- Dr Dónall Ó Baoill
- Dr Éamonn Ó hÓgáin
- Eibhlín Nic Gearailt (ex officio: CCEA)
- Dr Fionnuala de Barra-Cusack (ex officio: Parlaimint na hEorpa)
- Dr Gearóid Ó Cleircín (ex officio: Gaois, Fiontar & Scoil na Gaeilge, DCU)
- Máire Feiritéar
- Matt Hussey
- Micheál Ó Sé
- Dr Niall Mac Uidhilin (ex officio: Acadamh na hOllscolaíochta, OÉG)
- Nóilín Nic Bhloscaidh
- Pádraig Ó Gaora
- Dr Pádraig Ó Mianáin (ex officio: FNBG, Foras na Gaeilge)
- Seosamh Ó Murchú (ex officio: An Gúm, Foras na Gaeilge)