téarma.ie foclóir.ie teanglann.ie gaois.ie logainm.ie
Ar ais chuig leagan don scáileán Back to screen version
An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge
The National Terminology Database for Irish
Gach réimse All domains Roghanna Options
112
Líon torthaí a aimsíodh
Number of matches found
» 1 2
Gan dath gorm a bheith ar an gcraiceann agus ar na seicní múcasacha.
Lacking a blue appearance of the skin and mucous membranes.
Riocht ina scairtear nó ina sractar cisil artaire, sa chaoi is go ritheann fuil idir na cisil.
A condition in which the layers of an artery separate or are torn, causing blood to flow between the layers.
GAaisioncronacht bain3
gu aisioncronachta
Riocht ina dteipeann ar an gcroí amsheicheamh normálta a choinneáil idir crapadh aitriach agus crapadh méadailíneach.
A condition in which the heart fails to maintain a normal time sequence between atrial and ventricular contraction.
GAaitéireachtóime bain4
gu aitéireachtóime
Teicníc neamhmháinliachta le cóireáil a dhéanamh ar artairí galracha trí leas a bhaint as gléas rothlach a ghearann nó a bhearann ábhar atá ag cur bac ar artaire nó á chúngú.
A nonsurgical technique for treating diseased arteries with a rotating device that cuts or shaves away material that is blocking or narrowing an artery.
Gnáthach íosionrach le hartairí corónacha blocáilte a oscailt, le gur féidir leis an bhfuil imshruthú gan bhac go dtí matán an chroí.
A minimally invasive procedure to open up blocked coronary arteries, allowing blood to circulate unobstructed to the heart muscle.
GAartaireagrafaíocht bain3
gu artaireagrafaíochta
Scrúdú raideolaíoch ar artaire trí instealladh meáin codarsnachta radaitheimhnigh.
Radiological examination of an artery by the injection of a radiopaque contrast medium.
Gnáthamh a úsáidtear do dhaoine a bhfuil galar croí tromchúiseach orthu ach nach bhfuil feiliúnach do mháinliacht sheach-chonaire. Déantar gearradh sa chliabhrach, déantar an croí a nochtadh agus cuirtear pollta beaga i mballa an chroí le léasar.
A procedure used in people with severe heart disease who are not candidates for bypass surgery. In this procedure, an incision is made in the chest. The heart is exposed and small holes are drilled through the wall of the heart with a laser.
GAathsteanóis bain2
gu athsteanóise
Athdhúnadh nó athchúngú artaire i nidiaidh gnáthaimh idirghabhála ar nós angaplaiste nó socrú steintín.
The re-closing or re-narrowing of an artery after an interventional procedure such as angioplasty or stent placement.
Briseadh nó cur isteach ar an gcomhartha leictreach idir dhá sheoimrín uachtair an chroí (na haitriamaí) agus an dá sheoimrín íochtair (na méadailíní).
An interruption or disturbance of the electrical signal between the heart’s upper two chambers (the atria) and lower two chambers (the ventricles).
Riocht ina bhfuil éalang le sonrú i gcodanna de chóras seolta an chroí, sa chaoi is nach ndéantar an comhartha leictreach a sheoladh ar an ngnáthbhealach agus go mbíonn rithim croí neamhrialta (neamhrithimeacht) ann mar thoradh.
A condition in which parts of the heart’s conduction system are defective and unable to conduct the electrical signal normally, causing an irregular heart rhythm (arrhythmia).
GAbandáil bain3
gu bandála
Obráid ina gcuirtear banda de théip chaol timpeall an phríomhartaire scamhógaigh, le brú agus cuisliú na fola sna scamhóga a laghdú.
An operation which involves placing a band of narrow tape around the main pulmonary artery to reduce blood flow and pressure in the lungs.
Leigheas a íslíonn an brú fola trí chosc a chur ar ghníomhú angaitheannain II, ceimiceán sa chorp ar cúis le fáisceadh soithí fola é.
A medicine that lowers blood pressure by blocking the action of angiotensin II, a chemical in the body that causes the blood vessels to tighten (constrict).
Téarma don chailleadh matán agus meáchain a tharlaíonn mar thoradh ar ghalar tromchúiseach croí.
A term for the muscle and weight loss caused by severe heart disease.
GAcairdimióplaiste bain4
gu cairdimióplaiste
Gnáthamh trialach ina bhaintear matáin chnámharlaigh de dhroim nó de bholg othair. Déantar iad a fháscadh ansin timpeall croí thinn.
An experimental procedure in which skeletal muscles are taken from a patient's back or abdomen. Then they're wrapped around an ailing heart.
GAcinea-angagrafaíocht bain3
gu cinea-angagrafaíochta
Teicníc ina úsáidtear pictiúir ghluaiste le léiriú a thabhairt ar an gcaoi a théann ruaim speisialta trí na fuileadáin, chun cuidiú le dochtúirí galair croí agus fuileadán a dhiagnóisiú.
The technique of using moving pictures to show how a special dye passes through blood vessels, allowing doctors to diagnose diseases of the heart and blood vessels.
Tomhas den ráta ag a ndéantar fuil a bhrú amach as méadailín líonta.
A measurement of the rate at which blood is pumped out of a filled ventricle.
Comhla nach bhfuil ag feidhmiú i gceart, sa chaoi is go ligtear fuil uaithi sa treo mícheart.
A valve that is not working properly, causing it to leak blood back in the wrong direction.
GAcomhlatóime bain4
gu comhlatóime
Obráid ina dhéantar gearradh i gcomhla, go háirithe comhla croí.
An operation in which an incision is made into a valve, esp. of the heart.
GAcrió-eisídiú fir
gu crió-eisídithe
Baint fíocháin le cuidiú gléas ar a dtugtar tóireadóir fuar.
The removal of tissue using an instrument called a cold probe.
GAdeascairde bain4
gu deistreacairde
Riocht ina mbíonn an croí suite ar an taobh deas (seachas an taobh clé) den chliabhrach.
A condition in which the heart lies in the right side (instead of the left) of the chest.
Poll sa bhalla den chroí idir na haitriamaí nó sa bhalla idir na méadailíní.
A hole in the wall of the heart separating the atria or in the wall of the heart separating the ventricles.
Féith sa chos a úsáidtear le haghaidh máinliacht seach-chonaire artaire chorónaigh.
Vein located in the leg(s) and used for coronary artery bypass surgery.
Cóiréail dóibh siúd a bhfuil galar artaire chorónaigh siomptómach acu (ar a dtugtar aingíne frithleighis), ach nach bhfeileann do chóireálacha caighdeánacha athshoithíochaithe (ar nós máinliacht seach-chonair croí)
A treatment for those with symptomatic coronary artery disease (also called refractory angina), who are not eligible for standard treatments of revascularization (such as heart bypass surgery)
GAfrith-neamhrithimeach fir1
gu frith-neamhrithimigh, ai frith-neamhrithimigh, gi frith-neamhrithimeach
Leighis a úsáidtear le cóireáil a chur ar othair a bhfuil rithimí croí neamhrialta acu.
Medicines used to treat patients who have irregular heart rhythms.
Nuair a theipeann ar an gcomhla bheannach dúnadh i gceart, sa chaoi is go ritheann fuil siar go seoimrín uachtair clé an chroí (an aitriam clé) seachas go dtí an seoimrín íochtair ar chlé (an méadailín clé).
Failure of the mitral valve to close properly, causing blood to flow back into the heart’s upper left chamber (the left atrium) instead of moving forward into the lower left chamber (the left ventricle).
Gléas leictrimheicniúil a chuidíonn le himshruthú cairdiach. Nuair atá croí ag teip, is féidir an gléas seo a úsáid le feidhm an chroí a chomhlíonadh.
An electromechanical device for assisting cardiac circulation, which is used either to partially or to completely replace the function of a failing heart.
Éalang ó bhroinn den chroí, a mbíonn mar chomhartha sóirt aige go gcuirtear fuil ar bheagán ocsaigine (fuil ghorm) timpeall an choirp gan taisteal trí na scamhóga.
A birth defect of the heart that causes oxygen-poor (blue) blood to circulate to the body without first passing through the lungs.
Cineál máinliachta croí a úsáidtear le cóireáil a chur ar fhibriliú aitriamach ainsealach trí "cathair ghríobháin" a chruthú de bhealaí leictreacha nua, a ligfidh do ríoga leictreacha taisteal tríd an gcroí go héasca.
A type of heart surgery that is used to treat chronic atrial fibrillation by creating a surgical “maze” of new electrical pathways to let electrical impulses travel easily through the heart.
GAhaemaidinimic bain2
gu haemaidinimice
Na fórsaí a bhaineann le himshruthú na fola tríd an gcóras cardashoithíoch.
The forces involved in circulating blood through the cardiovascular system.
Ceann ar bith de na gnáthaimh neamhionracha a dhéantar sa tsaotharlann cataitéaraithe cairdiaiche.
Any of the noninvasive procedures usually performed in the cardiac catheterization laboratory.
GAionatróp fir1
gu ionatróip, ai ionatróip, gi ionatróp
Substaint a mhéadaíonn nó a laghdaíonn neart crapthaí matán.
A substance that increases or decreases the force of muscular contractions
Ionfhabhtú i gcomhlaí agus líneáil inmheánach an chroí (an ionchairdiam), mar thoradh ar bhaictéir i sruth na fola.
An infection of the heart valves and the innermost lining of the heart (the endocardium), caused by bacteria in the bloodstream.
Gnáthamh íosionrach le comhla aortach damáistithe nó galrach a dheisiú.
A minimally invasive procedure to repair a damaged or diseased aortic valve.
GAluasphreabadh fir
gu luasphreabtha
Crapthaí tapa neamhéifeachtacha seoimrín croí. Meastar iad a bheith níos comhordaithe ná mar a bhíonn fibriliú.
The rapid, ineffective contractions of any heart chamber. A flutter is considered to be more coordinated than fibrillation.
Tástáil dhiagnóiseach a úsáideann rianaire radaighníomhach (ar a dtugtar radanúiclíd) le méid agus cruth sheoimríní pumpála an chroí (na méadailíní) a dhéanamh amach.
A diagnostic test using a radioactive tracer (called a radionuclide) to determine the size and shape of the heart’s pumping chambers (the ventricles).
Neamhord fíocháin tacaíochta a mbíonn mar thoradh air go n-éiríonn fíochán comhla an chroí níos laige agus go laghdaítear a leaisteachas.
A connective tissue disorder that causes the heart valve tissue to weaken and lose elasticity.
GAmicséidéime bain4
gu micséidéime
Hipitíoróideacht thromchúiseach a mbíonn éidéime daingean neamhleaisteach mar chomhartha sóirt air, chomh maith le tirimeacht craicinn agus gruaige agus cailleadh fuinnimh mheabhraigh agus fhisiciúil.
Severe hypothyroidism characterized by firm inelastic oedema, dry skin and hair, and loss of mental and physical vigor.
GAmiocsóma fir4
gu miocsóma
Siad bog comhdhéanta d'fhíochán tacaíochta geilitíneach.
A soft tumor made up of gelatinous connective tissue.
GAmiómeachtóime bain4
gu miómeachtóime
Gnáthamh máinliachta le matán croí atá mínormálta tiubh a bhaint.
A surgical procedure to remove abnormally thickened heart muscle.
Monatóir a cheanglaítear le seoláin leictreoide (de ghnáth ar do mhéar nó ar chaol do láimhe) a dhéanann buille agus rithim do chroí a thomhas. Déantar an t-eolas seo a sheoladh ansin thar an líne fóin le cuidiú an ghléis seo, chuig oifig do dhochtúra.
A monitor that's attached to electrode leads (usually on your finger or wrist) that measure your heart beat and rhythm. This information is then transmitted over the phone line with the aid of this device to your doctor's office.
Nuair nach féidir leis an gcroí a ráta a ardú mar is ceart i gcás gníomhaíochta méadaithe nó de réir riachtanas meitibileach, e.g. aclaíocht, tinneas etc.
The inability of the heart to increase its rate appropriately in response to increased activity or metabolic need, e.g., exercise, illness, etc.
Bacainn i gceann de na hartairí corónacha, a chuireann bac ar chuisliú na fola go dtí matán an chroí.
An obstruction of one of the coronary arteries that hinders blood flow to the heart muscle.
Déantar an fhuil a bhaint as féith mhór sa chorp agus cuirtear trí mheicníocht phumpála í, agus ansin trí ghléas a chuireann ocsaigin leis an bhfuil agus a bhaineann dé-ocsaíd charbóin di. Cuirtear an fhuil ar ais sa chorp ansin agus déantar í a chuisliú sa chaoi is go gcoinnítear an duine beo.
The blood is withdrawn from a large vein in the body and passes through a pumping mechanism, and then through a device that puts oxygen into the blood and removes carbon dioxide from the blood. The blood is then returned to the body and circulated in such a way as to sustain life.
GApeireacairdiceintéis bain2
gu peireacairdiceintéise
Gnáthamh diagnóiseach ina úsáidtear snáthaid le sreabhán a bhaint den sac nó den scannán thart timpeall an chroí (peireacairdiam).
A diagnostic procedure that uses a needle to withdraw fluid from the sac or membrane surrounding the heart (pericardium).
GApleitismeagrafaíocht bain3
gu pleitismeagrafaíochta
Tomhas ar an athrú i dtoirt an choirp, nó cuid den chorp, go háirithe an t-athrú a tharlaíonn mar thoradh ar athruithe ar an mbrú fola.
The measurement of variation in the volume of the body, or a part of it, esp. as caused by changes in blood pressure.
Tástáil dhiagnóiseach neamhionrach a úsáidtear le cuisliú na fola tríd an gcos a mheas.
A noninvasive diagnostic test used to evaluate blood flow through the leg.
(gléas a úsáidtear le hoscailt a chruthú i mballa an aorta)
(device used to create an opening in the wall of the aorta)
Cur fola ó fhuileadán ar dhromhcla na hinchinne, istigh sa spás idir an inchinn agus an bhlaosc.
Bleeding from a blood vessel on the surface of the brain into the space between the brain and the skull.
Próiseas ina úsáidtear meaisín le hobair an chroí agus na scamhóg a dhéanamh, le gur féidir an croí a stopadh le linn obráide.
The process by which a machine is used to do the work of the heart and lungs so the heart can be stopped during surgery.
Úsáid teicnící spreagtha séadaireachta chun buille croí tapa neamhrialta a leigheas.
The use of pacing stimulation techniques for termination of tachyarrhythmias.
GAsiúnt fir3
gu siúnta
ENshunt s
Nascóir a ligeann don fhuil rith idir dhá áit.
A connector that allows blood to flow between two locations.
GAstreipticionáis bain2
gu streipticionáise
Einsím a úsáidtear le téachtán fola a thuaslagadh.
An enzyme used to dissolve blood clots.
» 1 2