▼ Librarianship
▼ Leabharlannaíocht
Archiving
Cartlannú
Library and Information Science
Eolaíocht Leabharlainne agus Faisnéise
Roghanna
Options
1103
Líon torthaí a aimsíodh
Number of matches found
#
(profession)
#
A collection of documents (a file) relating to a particular subject or in support of some administrative action.
Bailiúchán doiciméad (comhad) a bhaineann le himscrúdú ar leith nó a thacaíonn le gníomh éigin riaracháin.
#
(i leabharlann)
Consult the catalogue for specific information
Ceadaigh an chatalóg le heolas sonrach a fháil
#
dlúthdhiosca fir4 cuimhne inléite amháin▼
gu dlúthdhiosca cuimhne inléite amháin, ai dlúthdhioscaí cuimhne inléite amháin
FÉACH FREISIN · SEE ALSO
# mini CD-ROM · mion-CD-ROM#
(i) a certified copy of the maintenance order,
(i) cóip dheimhnithe den ordú cothabhála, FOINSE: I.R. Uimh. 93 de 1997 Leath 1
For noting a Marine Protest and furnishing one certified copy if required
As Fordhearbhú Muirí a nótáil agus cóip dheimhnithe amháin a sholáthar má iarrtar í FOINSE: I.R. 1981
#
Document or paper trail showing the
succession of offices or persons having seizure,
custody, control, transfer, analysis, and
disposition of physical and electronic
evidence.
Doiciméad nó rian páipéir ina dtaispeántar an
tsraith oifigí nó daoine a raibh urghabháil,
seilbh, smacht, aistriú, anailís agus diúscairt
na fianaise fisiciúla agus leictreonaí acu.
#
The date (and, possibly, the time of day) of a
record, included in the record by its author, or
by the electronic system on the author’s
behalf, in the course of its creation.
An dáta (agus an t-am den lá, b’fhéidir) a
bhaineann le cruthú taifid, ar faisnéis í ar chuir
údar an taifid, nó an córas leictreonach, thar
ceann an údar, isteach í le linn an taifead a
thiomsú.
#
examination of the frequency and pattern of citations in articles and books, using citations in scholarly works to establish links to other works or researchers
#
Computers, Computer Science In object-oriented design or programming, a group of objects and methods that share a common definition and that therefore share common properties, operations or methods and behaviour. Members of the group are called instances of the class.
Ríomhairí, Ríomheolaíocht I ndearadh nó i ríomhchlárú bunaithe ar oibiachtaí, grúpa oibiachtaí agus modhanna a bhfuil sainmhíniú coiteann orthu, agus mar sin a bhfuil airíonna coiteanna, oibríochtaí coiteanna agus iompraíocht choiteann acu. Tugtar áisc den aicme ar bhaill den ghrúpa.
#
systematic identification and arrangement of business activities and/or records into categories according to logically structured conventions, methods and procedural rules represented in a classification system to aid business use, continued access and appropriate retention and disposal
sainaithint chórasach agus eagrú córasach gníomhaíochtaí gnó agus/nó taifead ina gcatagóirí de réir gnáis, modhanna agus rialacha nós imeachta atá struchtúrtha go loighiciúil i gcóras aicmiúcháin chun cabhrú le húsáid ghnó, le rochtain leantach agus le coimeád cuí agus diúscairt chuí
#
A plan for the systematic identification and
arrangement of business activities and records
into categories according to logically
structured conventions, methods and
procedural rules
Plean i leith sainaithint chórasach agus eagrú
córasach gníomhaíochtaí agus taifead gnó ina
gcatagóirí de réir gnáis, modhanna agus
rialacha nós imeachta atá struchtúrtha go
loighiciúil.
#
(airgeadas)
Finance Organization which assures the financial integrity of futures and options markets by guaranteeing obligations among its clearing members. It registers, monitors, matches and guarantees trades and carries out the financial settlement of futures and options transactions. It can be part of an exchange or can be a separate corporate entity.
Airgeadas Eagraíocht a chinntíonn ionracas airgeadais margaí todhchaíochtaí agus roghanna trí oibleagáidí a ráthú i measc a bhall imréitigh. Déanann sé trádálacha a chlárú, monatóireacht a dhéanamh orthu, iad a mheaitseáil agus a ráthú agus téann sé i mbun socruithe airgeadais d'idirbhearta todhchaíochtaí agus roghanna. Is féidir leis a bheith ina chuid de mhalartán nó ina aonán corparáideach ar leithligh.
#
An artificial assemblage of documents
accumulated on the basis of some common
characteristic without regard to the
provenance of those documents. Not to be
confused with an archival fonds.
Grúpa saorga doiciméad atá carntha le chéile
ar bhonn saintréith chomhchoiteann éigin
beag beann ar fhoinse na ndoiciméad sin. Ní
ceart an téarma seo a mheascadh le cnuasach
cartlainne aon fhoinse.
#
Computers, Computer Science The ability of an instruction, program or component to be used on more than one computer to perform a predefined operation.
Ríomhairí, Ríomheolaíocht Inniúlacht treorach, cláir nó comhpháirte, a úsáid ar níos mó ná aon ríomhaire amháin chun oibríocht réamhshonraithe a chur i ngníomh.
#
Computers, Computer Science 1. A translator that can compile. 2. A program that translates a source program into an executable program (an object program). 3. A program that decodes instructions written as pseudocodes and produces a machine language program to be executed at a later time. 4. A program that translates instructions written in a high-level programming language. Synonymous with compiling program.
Ríomhairí, Ríomheolaíocht 1. Aistritheoir atá in ann tiomsú. 2. Ríomhchlár a aistríonn ríomhchlár foinseach go ríomhchlár inrite (ríomhchlár aidhme). 3. Ríomhchlár a dhíchódaíonn treoracha atá scríofa mar shúdachóid agus a tháirgeann ríomhchlár meaisínteanga le rith níos déanaí. 4. Ríomhchlár a aistríonn treoracha atá scríofa i dteanga ardleibhéil ríomhchlárúcháin. Comhchiallach le ríomhchlár tiomsúcháin.
#
The physical treatment of individual items to
arrest the decaying process. It is the treatment
of objects to stabilise and protect them
against further deterioration.
Ábhair chartlainne a dheisiú nó a chobhsú
chun a chinntiú go maireann siad ina bhfoirm
bhunaidh ar feadh tréimhse chomh fada agus
is féidir.
#
The profession devoted to the preservation
of cultural property for the future through
examination, documentation, treatment, and
preventive care, supported by research and
education
An ghairm atá tiomnaithe i leith maoin
chultúir a chaomhnú don todhchaí trí scrúdú,
trí dhoiciméadú, trí chóireáil agus trí chúram
coisctheach, ar nithe iad sin a dhéantar le
tacaíocht ó thaighde agus ó oideachas
#
the framework in which a record is created, used, and maintained
an creat ina ndéantar taifead a chruthú, a úsáid agus a chothabháil
#
(from one format or data type to another)
Computers, Computer Science In programming languages, the transformation between values that represent the same data item but belong to different data types. Information may be lost due to conversion since accuracy of data representation varies among different data types.
Ríomhairí, Ríomheolaíocht I dteangacha ríomhchlárúcháin, an trasfhoirmiú idir luachanna a léiríonn an mhír chéanna sonraí ach a bhaineann le cineálacha éagsúla sonraí. Féadtar eolas a chailliúint sa tiontú ós rud é go mbíonn cruinneas léirithe sonraí éagsúil idir cineálacha éagsúla sonraí.
#
A property right that protects the interests of
authors or other creators of works in tangible
media (or the individual or organisation to
whom copyright has been assigned) by giving
them the ability to control the reproduction,
publication, adaptation, exhibition, or
performance of their works
Ceart maoine lena gcosnaítear leasanna údar
nó cruthaitheoirí eile saothar i meáin
inláimhsithe (nó ceart maoine an duine aonair
nó na heagraíochta dár sannadh cóipcheart)
tríd an gcumas a thabhairt dó/di rialú a
dhéanamh ar atáirgeadh, ar fhoilsiú, ar
oiriúnú, ar chur ar taispeáint nó ar thaibhiú a
s(h)aothair