tearma.ie logainm.ie ainm.ie dúchas.ie gaois.ie scéalta nua/news · Fiontar & Scoil na Gaeilge

Eolas cosanta sonraí

Baineann an t-eolas seo leis an suíomh gréasáin poiblí téarma.ie.

Cé na sonraí úsáide a bhailímid:

Bailímid sonraí úsáide áirithe le cabhair fianán agus an suíomh á bhrabhsáil ag duine. Baineann na fianáin seo le sonraí Google Analytics. Úsáidimid Google Analytics chun eolas a thaifeadadh mar gheall ar cad as a dtagann ár gcuid úsáideoirí agus cad a dhéanann siad agus iad ar an suíomh. Bailíonn agus stórálann Google Analytics sonraí teicniúla faoin mbrabhsálaí agus faoin ríomhaire a úsáidtear chun cuairt a thabhairt ar an suíomh.

Conas a úsáidimid na sonraí úsáide seo:

Usáidimid na sonraí bailithe ag Google Analytics chun tuairiscí comhiomlánaithe a chruthú ar líon, suíomh agus gníomhaíocht ár n-úsáideoirí. Cuireann na tuairiscí seo bonn eolais faoinár bpleananna forbartha don todhchaí. Ní sonraí pearsanta na sonraí seo, de réir shainmhíniú GDPR an AE, mar go n-úsáidimid anaithnidiú IP Google Analytics. Ní úsáidimid na sonraí seo le húsáideoirí aonair a aithint riamh.

Coimeádaimid an ceart againn féin méadracht úsáide chomhiomlánaithe a thuairisciú agus/nó a fhoilsiú.

Cá fhad a stórálaimid na sonraí úsáide seo:

Ós rud é go bhfuil na sonraí seo anaithnidithe, stórálaimid iad go deo. Ligeann seo dúinn forbairt ár mbonn úsáideoirí thar shaolré an tionscadail a rianú.

Cé na sonraí cuardaigh a bhailímid:

Gach uair a chuardaíonn tú an suíomh, stórálaimid na sonraí seo a leanas:

  1. Céard dó a chuardaigh tú;
  2. Cathain a rinne tú an cuardach;
  3. Cé na torthaí a fuair tú;
  4. Cá fhad a thóg an cuardach;
  5. Seoladh IP do ghléis.

Cén úsáid a bhainimid as na sonraí cuardaigh seo:

An miosúr is fearr ar rath ár dtionscadail is ea comhaireamh na gcuardach a dhéanann úsáideoirí ár suímh. Anuas air sin, úsáidimid 1–4 chun cuidiú linn monatóireacht a dhéanamh ar ár bhfeidhmíocht agus chun ár seirbhís a fheabhsú. Mar shampla, má thugaimid faoi deara go bhfuil téarma cuardaigh faoi leith ag cruthú fadhbanna dár gcóras, féachfaimid le réiteach a chur i bhfeidhm. Nó má thugaimid faoi deara go bhfuil gach cuardach rómhall, fiosróimid an gá rud éigin a optamú nó an bhfuil níos mó cumhachta ríomhaireachta de dhíth ar ár gcuid seirbhísí.

Teastaíonn 5 (i.e. ‘Seoladh IP do ghléis’) chun a dheimhniú go bhfuil an cuardach á dhéanamh ag duine seachas ag ríomhchlár ar nós scríobaire gréasáin. Mar shampla, má thugaimid faoi deara go bhfuil líon mór cuardach á dhéanamh ag seoladh IP faoi leith, is féidir linn na cuardaigh sin a chur as an áireamh ónár gcuid staitisticí cuardaigh, má mheastar gur gá. Ní úsáidimid na sonraí seo le húsáideoirí aonair a aithint riamh.

Coimeádaimid an ceart againn féin sonraí cuardaigh comhiomlánaithe a thuairisciú agus/nó a fhoilsiú.

Cá fhad a stórálaimid na sonraí cuardaigh seo:

Ós rud é nach sonraí pearsanta atá i 1–4, stórálaimid go deo iad. Scriosaimid seoltaí IP atá comhcheangailte le cuardaigh atá níos mó ná bliain d’aois ar an gcéad lá de gach mí féilire.

Toiliú:

Nuair a théann tú isteach inár suíomh gréasáin toilíonn tú seasamh le gach polasaí agus cleachtas atá leagtha amach sa dhoiciméad seo.

Teagmháil:

Má tá aon cheist agat maidir leis an bpolasaí seo is féidir dul i dteagmháil linn ag tearma@dcu.ie.

Sonraí téarmaíochta: © 2006–2018 Foras na Gaeilge
Réiteach teicniúil: © 2006–2018 Fiontar & Scoil na Gaeilge