téarma.ie foclóir.ie teanglann.ie gaois.ie logainm.ie
Ar ais chuig leagan don scáileán Back to screen version
An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge
The National Terminology Database for Irish
Roghanna Options
Torthaí beachta Exact matches
Torthaí gaolmhara Related matches
'Chun faisnéis shoiléir iontaofa thrédhearcach a chur ar fáil d’úsáideoirí deiridh faoi cheallraí agus faoina bpríomh-shaintréithe, agus faoi cheallraí dramhaíola, chun a chur ar chumas na n‑úsáideoirí deiridh cinntí eolacha a dhéanamh nuair a cheannaíonn siad ceallraí agus nuair a dhéanann siad iad a dhiúscairt agus chun é a chur ar chumas oibreoirí dramhaíola ceallraí dramhaíola a chóireáil go cuí, ba cheart lipéad a chur ar cheallraí. Ba cheart lipéad a bheith ar cheallraí chun an fhaisnéis uile is gá faoina bpríomh-shaintréithe a léiriú, lena n‑áirítear a dtoilleadh agus an méid substaintí guaiseacha áirithe atá iontu. Chun a áirithiú go mbeidh faisnéis ar fáil in imeacht ama, ba cheart go mbeadh sí ar fáil trí bhíthin cóid QR freisin.'
'Ba cheart go mbeadh freagracht leathnaithe táirgeora ar tháirgeoirí as a gceallraí a bhainistiú ag deireadh a ré. Dá réir sin, ba cheart do tháirgeoirí na costais a ghabhann le bailiú, cóireáil agus athchúrsáil na gceallraí go léir a bhailítear a mhaoiniú, chomh maith leis na costais a ghabhann le tuairisciú a dhéanamh ar cheallraí agus ar cheallraí dramhaíola agus le faisnéis a sholáthar d’úsáideoirí deiridh agus oibreoirí bainistithe dramhaíola faoi cheallraí agus faoi athúsáid agus bainistiú ceallraí dramhaíola.'
'Gréasán Eorpach na n-oibreoirí córas tarchurtha don ghás: Comhoibreoidh na hoibreoirí córas tarchurtha uile ar leibhéal an Chomhphobail tríd an ENTSO don Ghás chun comhlánú agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh sa ghás nádúrtha agus trádáil trasteorann a chur chun cinn agus chun bainistiú optamach, oibríocht chomhordaithe agus forás fónta teicniúil an ghréasáin tarchurtha Eorpaigh don ghás nádúrtha a áirithiú.'
oibreoir fir3 aonártha dímholta/superseded
gu oibreora aonártha, ai oibreoirí aonártha
Ríomhairí, Ríomheolaíocht 1. Oibreoir uimhríochta nach bhfuil aige ach téarma amháin. Is iad na hoibreoirí aonártha is féidir a úsáid i sloinn dhearbha, in-athshuite agus uimhríochta ná: deimhneach (+) agus diúltach (-). 2. Sa teanga ríomhaireachta, Pascal, oibreoir a sheasann d'oibríocht ar oibreann amháin; mar shampla, is oibreoir aonártha é 'NOT'.
Computers, Computer Science 1. An arithmetic operator having only one term. The unary operators that can be used in absolute, relocatable and arithmetic expressions are: positive (+) and negative (-). 2. In Pascal, an operator that represents an operation on one operand only; for example 'NOT' is a unary operator.
oibreoir fir3 Boole dímholta/superseded
gu oibreora Boole, ai oibreoirí Boole
Ríomhairí, Ríomheolaíocht Oibreoir a nglacann gach ceann dá oibreanna agus a toradh ceann de dhá luach.
Computers, Computer Science An operator each of whose operands and whose result take one of two values.
oibreoir fir3 coibhneasta dímholta/superseded
gu oibreora choibhneasta, ai oibreoirí coibhneasta
Ríomhairí, Ríomheolaíocht 1. Oibreoir a ghníomhaíonn ar dhá oibreann ar a laghad agus a sholáthraíonn luach fírinne. 2. Na focail nó na siombailí coimeádta a úsáidtear le coinníoll coibhneasta nó slonn coibhneasta a chur in iúl.
Computers, Computer Science 1. An operator that operates on at least two operands and yields a truth value. 2. The reserved words or symbols used to express a relational condition or a relational expression.
oibreoir fir3 coinníollach dímholta/superseded
gu oibreora choinníollaigh, ai oibreoirí coinníollacha
Ríomhairí, Ríomheolaíocht Tá oibreoir trínártha i dteanga ríomhchlárúcháin 'C' a cheadaíonn sloinn choinníollacha a úsáid.
Computers, Computer Science The 'C' programming language provides a ternary operator which permits the use of conditionals in expressions.
oibreoir fir3 cothroime dímholta/superseded
gu oibreora cothroime, ai oibreoirí cothroime
Ríomhairí, Ríomheolaíocht Úsáidtear an t-oibreoir cothroime (=) le dhá luach nó dhá shlonn a chur i gcomparáid. Úsáidtear é le huimhreacha, teaghráin, luachanna Boole, athróga, oibiachtaí, eagair, nó feidhmeanna a chur i gcomparáid. Bíonn TRUE mar thoradh air má tá na sloinn cothrom, nó FALSE mura bhfuil.
Computers, Computer Science The equality operator (=) is used to compare two values or expressions. It is used to compare numbers, strings, Boolean values, variables, objects, arrays, or functions. The result is TRUE if the expressions are equal and FALSE otherwise.
oibreoir fir3 indíriúcháin dímholta/superseded
gu oibreora indíriúcháin, ai oibreoirí indíriúcháin
Ríomhairí, Ríomheolaíocht Oibreoir a léiríonn go bhfuil seolachán indíreach le húsáid i leith na míre sonraithe sonraí.
Computers, Computer Science An operator which indicates that indirect addressing is to be used on the specified data item.