téarma.ie foclóir.ie teanglann.ie gaois.ie logainm.ie
Ar ais chuig leagan don scáileán Back to screen version
An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge
The National Terminology Database for Irish
Roghanna Options
Torthaí beachta Exact matches
Torthaí gaolmhara Related matches
GAglanluach fir3 láithreach
gu glanluacha láithrigh, ai glanluachanna láithreacha
Airgeadas Luach láithreach airgid thirim a aisíocfar sa todhchaí, lascainithe ag an ráta úis cuí de réir an mhargaidh, lúide luach láithreach chostas na hinfheistíochta.
Finance Present value of future cash returns, discounted at the appropriate market interest rate, minus the present value of the cost of the investment.
GAglanluach fir3 láithreach na ndeiseanna fáis
gu ghlanluach láithreach na ndeiseanna fáis
Airgeadas Samhail luachála gnólachta ina ndéantar dearbhscrúdú ar ghlanluach infheistíochtaí nua.
Finance Model valuing the firm in which net present value of new investments is explicitly examined.
GAláithriú fir i léig/obsolete
gu láithrithe
ENpresentation s i léig/obsolete
cuir i láthair nó os comhair an chomhfheasa go neamh-mheánach
action of representing something directly to the mind or thought
(scaireanna)
(of shares)
Airgeadas Scaireanna á ndíol ag cuideachta le grúpa roghnaithe de dhaoine aonair nó d'eagraíochtaí.
Finance The sale of shares by a company to a selected group of individuals or institutions.
láithriúchán fir1
gu láithriúcháin
(scaireanna)
(of shares)
Airgeadas Scaireanna á ndíol ag cuideachta le grúpa roghnaithe de dhaoine aonair nó d'eagraíochtaí.
Finance The sale of shares by a company to a selected group of individuals or institutions.
GAláithriú fir príobháideach
gu láithrithe phríobháidigh, ai láithrithe príobháideacha
Airgeadas Díol na scaireanna i gcuideachta phríobháideach díreach le hinfheisteoirí, go minic gan stocbhróicéir mar idirghníomhaire.
Finance The selling of shares in a private company direct to investors, often without the intermediary of a stockbroker.
GAluach fir3 láithreach
gu luacha láithrigh, ai luachanna láithreacha
Airgeadas An luach a bheidh ar shreabhadh airgid thirim sa todhchaí agus é lascainithe ag an ráta úis cuí de réir an mhargaidh.
Finance Value of future cash stream discounted at the appropriate market interest rate.
GAoibreann bain2 láithreach
gu oibrinne láithrí, ai oibreanna láithreacha
Ríomhairí, Ríomheolaíocht Is é an tslí is simplí is féidir le treoir oibreann a shonrú ná an oibreann féin a bheith sa chuid sin den treoir ina bhfuil an seoladh, in ionad seoladh nó faisnéis éigin eile a bheith ann ag léiriú cá bhfuil an oibreann. Tugtar oibreann láithreach ar oibreann dá leithéid mar go ngabhtar go huathúil ón gcuimhne í ag an am céanna a ngabhtar an treoir féin; mar sin bíonn sí ar fáil ar an bpointe lena húsáid.
Computers, Computer Science The simplest way for an instruction to specify an operand is for the address part of the instruction actually to contain the operand itself rather than an address or other information describing where the operand is. Such an operand is called an immediate operand beacause it is automatically fetched from memory at the same time the instruction itself is fetched; hence it is immediately available for use.
GAseolachán fir1 láithreach
gu seolacháin láithrigh
Ríomhairí, Ríomheolaíocht Is é an tslí is simplí a d'fhéadfadh treoir oibreann a shonrú ná an oibreann féin a bheith istigh sa chuid den treoir ina bhfuil an seoladh, mar rogha ar sheoladh nó faisnéis eile ag insint cá bhfuil an oibreann. Tá sé de bhuntáiste ag seolachán láithreach nach mbíonn gá le tagairt bhreise sa chuimhne chun an oibreann a ghabháil.
Computers, Computer Science The simplest way for an instruction to specify an operand is for the address part of the instruction actually to contain the operand itself rather than an address or other information describing where the operand is. Immediate addressing has the virtue of not requiring extra memory reference to fetch the operand.