téarma.ie foclóir.ie teanglann.ie gaois.ie logainm.ie
Ar ais chuig leagan don scáileán Back to screen version
An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge
The National Terminology Database for Irish
Roghanna Options
Torthaí beachta Exact matches
Torthaí gaolmhara Related matches
GAléaráid bain2 den chomhthéacs
gu léaráide den chomhthéacs
Computers, Computer Science A diagram that may be produced at the initiation of a project, or at feasibility. It defines the boundary of the system and the major inputs and outputs that cross the system boundary. A Context Diagram may be the first product in the development of Data Flow Diagrams.
Ríomhairí, Ríomheolaíocht Léaráid is féidir a tharraingt ag tús tionscnaimh, nó ag tráth an staidéir féidearthachta. Sainíonn sé teorainn an chórais agus na príomh-ionchuir agus -aschuir a thrasnaíonn an teorainn sin. D'fhéadfadh an Léaráid den Chomhthéacs a bheith ar an gcéad táirge i bhforbairt Léaráidí den Sreabhadh Sonraí.
GAléaráid bain2 den sreabhadh sonraí
gu léaráide den sreabhadh sonraí
Computers, Computer Science A diagrammatic view of the functional view of the system under investigation. The notation comprises four elements: process, data store, external entity, and data flow. Its primary purpose is to communicate with the User the analyst's understanding of the scope of the system, the processing undertaken, and the interactions with the environment.
Ríomhairí, Ríomheolaíocht Léaráid d'amharc feidhmeach ar an gcóras atá á iniúchadh. Ceithre mhír atá i gceist sa nodaireacht: próiseas, stór sonraí, aonán seachtrach, agus sreabhadh sonraí. Is í an phríomhaidhm atá leis ná tuiscint an anailísí ar scóip an chórais, ar an bpróiseáil atá le déanamh, agus ar an idirghníomhaíocht leis an timpeallacht a chur in iúl don Úsáideoir.
GAléaráid bain2 den sreabhadh doiciméad
gu léaráide den sreabhadh doiciméad
Computers, Computer Science The initial pass at scoping a system for drawing document flow diagrams. The diagram shows the flow of documents around a system as flows to and from sources and recipients of each. Processing of these documents is not shown on this diagram.
Ríomhairí, Ríomheolaíocht An tardhul tosaigh agus córas á scóipeáil chun léaráidí den sreabhadh doiciméad a tharraingt. Taispeánann an léaráid sreabhadh na ndoiciméad thart timpeall córais mar shreafaí chuig agus ó fhoinsí agus fhaighteoirí gach cinn acu. Ní thaispeántar próiseáil na ndoiciméad ar an léaráid seo.
GAléaráid bain2 loighciúil den sreabhadh sonraí
gu léaráide loighciúla den sreabhadh sonraí
Computers, Computer Science The description of the current physical environment, after all references to physical and contingent factors have been removed. The aim is to understand the business logic underlying the current practices, rather than simply to model the procedures in place, regardless of their validity. Typically, references to constraints caused by geographical considerations, machine-related procedures (e.g., photocopying, data prep.), office politics, or office procedures are removed from the Current Physical DFD, leaving just the business logic. This takes place in Step 150.
Ríomhairí, Ríomheolaíocht Tuairisc ar an timpeallacht fhisiciúil reatha, tar éis gach tagairt d'fhachtóirí fisiciúla agus teagmhasacha a bhaint. Is í an aidhm atá leis ná an loighic gnó atá mar bhunús do chleachtais reatha a thuiscint, seachas samhail shimplí de na gnásanna atá i bhfeidhm a sholáthar, is cuma cé chomh bailí is atá siad. Go tipiciúil, baintear tagairtí do shriantachtaí a tharlaíonn de thoradh cúrsaí geografacha, gnásanna a bhaineann le meaisíní (e.g., fótachóipeáil, ullmhú sonraí), polaitíocht na hoifige, nó gnásanna oifige ón DFD Fisiciúil Reatha, agus ní fhágtar ann ach an loighic ghnó. Tarlaíonn sé seo ag Céim 150.
GAléaráid bain2 den sreabhadh acmhainní
gu léaráide den sreabhadh acmhainní, iol léaráidí den sreabhadh acmhainní
Computers, Computer Science A component part of a Data flow diagram. Its purpose is to show the physical movement of goods in a system, rather than the movement of information. Its function is to help with the initial scoping of the system, and to help identify flows of data in the early stages of the analysis.
Ríomhairí, Ríomheolaíocht Comhpháirt den Léaráid den Sreabhadh Sonraí. Is í a aidhm ná gluaiseacht fhisiciúil na n-earraí i gcóras a thaispeáint, seachas gluaiseacht na faisnéise. Is í a fheidhm ná cuidiú le scóipeáil tosaigh an chórais, agus cuidiú chun sreafaí sonraí a aithint go luath san anailís.
GAscéimléaráid bain2
gu scéimléaráide, iol scéimléaráidí
Computers, Computer Science A diagram that uses symbols to show components and their interconnections for a system or circuit. A schematic diagram permits tracing of circuit and flow paths for continuity.
Ríomhairí, Ríomheolaíocht Léaráid a úsáideann siombailí chun páirteanna agus a n-idirnascanna le haghaidh córais nó ciorcaid a thaispeáint. Le scéimléaráid is féidir cosáin ciorcad agus sreafa a lorg le haghaidh leanúnachais.
GAléaráid bain2 de struchtúir
gu léaráide de struchtúir
Computers, Computer Science A diagrammatic notation for structures or procedures, shown in terms of sequence, selection, and iteration. These three basic constructs are sufficient to model the structures richly. They are based on Jackson diagrams, used in Jackson structured programming (JSP), and Jackson structured design (JSD).
Ríomhairí, Ríomheolaíocht Nodaireacht léaráideach de struchtúir nó de ghnásanna, a thaispeántar i dtéarmaí seichimh, roghnaithe, agus atrialla. Is leor na trí bhun-chomhstruchtúr seo chun na struchtúir a dhealbhú go saibhir. Tá siad bunaithe ar léaráidí Jackson, agus úsáidtear iad i ríomhchlárúchán struchtúrtha Jackson (JSP) agus i ndearadh struchtúrtha Jackson (JSD).
GAléaráid bain2 den chomhréir
gu léaráide den chomhréir, ai léaráidí den chomhréir
Computers, Computer Science A diagrammatic representation of the syntax rules of a programming language; a pictorial equivalent of BNF.
Ríomhairí, Ríomheolaíocht Léiriú léaráideach de rialacha comhréire teanga ríomhchlárúcháin.