téarma.ie foclóir.ie teanglann.ie gaois.ie logainm.ie
Ar ais chuig leagan don scáileán Back to screen version
An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge
The National Terminology Database for Irish
Roghanna Options
Torthaí beachta Exact matches
GAcuardaigh br
abr cuardach, aidbhr cuardaithe
Scrúdú fisiceach a dhéanamh ar réadmhaoin, ar áit, ar fheithicil, ar dhuine, srl. le haghaidh fianaise a thugann le fios go bhfuil olc nó gníomhaíocht choiriúil ar siúl
To physically examine a property, a place, a vehicle, a person, etc. for evidence of wrongdoing or criminal activity
(i) dul isteach agus cuardach a dhéanamh, le forneart más gá, *(sa ghairdín) *(sa teach cónaithe) *(sa chúirtealáiste) thuasainmnithe *(in aon déanmhas nó foirgneamh *sa ghairdín *sa chúirtealáiste sin), FOINSE: I.R. Uimh. 93 de 1997
(i) to enter and search, if need be by force, the above-named *(garden) (dwellinghouse) *(curtilage) *(any structure or building in such garden *curtilage),
Iarraim dá bhrí sin go n-eiseofar barántas cuardaigh de bhun alt 26 den Acht thuas á údarú dom dul isteach san áitreabh sin agus an madra a chuardach ann. FOINSE: I.R. Uimh. 93 de 1997
I therefore apply for the issue of a search warrant pursuant to section 26 of the above Act authorising me to enter the said premises and search for the dog.
Torthaí gaolmhara Related matches
A module that suggests alternate words in response to a user search. Suggested words reflect spelling corrections or alternate forms of a word that are more likely to return results.
GAcrann fir1 cuardaigh dhénártha
gu crainn chuardaigh dhénártha
Ríomhairí, Ríomheolaíocht Struchtúr cuardaigh ina roinntear an tacar d'eilimintí sonraí in dhá chuid ag gach céim den chuardach; déantar gníomh cuí éigin i gcás corruimhreach d'eilimintí sonraí.
Computers, Computer Science A search structure in which, at each step of the search the set of data elements is divided by two; some appropriate action is taken in the case of an odd number of data elements.
GAcuardach fir1
gu cuardaigh, ai cuardaigh, gi cuardach
Ríomhairí, Ríomheolaíocht Próiseas ríomhaireachta chun teacht ar mhír sonraíochta atá ag teastáil, i meán stórála randamrochtana, ach an eochair a thabhairt. Dhá ghnáthmhodh cuardaigh is ea cuardach dénártha agus cuardach seicheamhach.
Computers, Computer Science A computer process for locating a required data item in a random-access storage medium, given the key. Two common methods are binary search and sequential search.
Leis an cuardach casta, is féidir réimsí éagsúla eolais a úsáid chun samplaí éagsúla a lorg.
The advanced search allows you to use different information fields to look for different examples.
GAcuardach fir1 dénártha
gu cuardaigh dhénártha
Ríomhairí, Ríomheolaíocht Modh a úsáidtear chun ordliosta a chuardach. Tosaíonn an cuardach i lár tábla agus deimhníonn sé an bhfuil an argóint sa leath uachtair nó sa leath íochtair den tábla, agus leanann sé ag déanamh dhá leath den chuid sin den tábla ina n-aimsítear an argóint atá á cuardach go dtí go bhfaightear an argóint.
Computers, Computer Science Method used to search an ordered list. The search begins in the middle of a table and determines whether the argument is in the upper or lower half of the table, and continues to halve that portion of the table in which the argument being sought is located until the argument is found.
GAcuardach fir1 líneach
gu cuardaigh línigh, ai cuardaigh líneacha
Ríomhairí, Ríomheolaíocht Cuardach ina scantar tacar sonraí go seicheamhach. Tosaítear leis an gcéad taifead i liosta agus scrúdaítear gach taifead ceann i ndiaidh a chéile go dtí go bhfaightear an taifead atá á chuardach.
Computers, Computer Science A search in which a set of data is scanned in a sequential search. Involves beginning with the first record in a list and examining each subsequent record until the record being sought is found.