téarma.ie foclóir.ie teanglann.ie gaois.ie logainm.ie
Ar ais chuig leagan don scáileán Back to screen version
An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge
The National Terminology Database for Irish
Roghanna Options
Torthaí beachta Exact matches
GAarbatráiste fir4
gu arbatráiste
Airgeadas Aistriú neamh-amhantrach cistí ó mhargadh amháin go margadh eile chun tairbhe a bhaint as difríochtaí i rátaí úis, i rátaí malairte, nó i bpraghsanna tráchtearraí idir an dá mhargadh. Bíonn an t-aistriú neamh-amhantrach mar nach n-athróidh arbatráisteoir ó mhargadh amháin go margadh eile ach nuair is eol dó na rátaí nó na praghsanna sa dá mhargadh agus nuair is mó an brabús atá le déanamh ná costais na hoibríochta.
Finance The non-speculative transfer of funds from one market to another to take advantage of differences in interest rates, exchange rates, or commodity prices between the two markets. It is non-speculative because an arbitrageur will only switch from one market to another if the rates or prices in both markets are known and if the profit to be gained outweighs the costs of the operation.
Torthaí gaolmhara Related matches
GAarbatráiste fir4 geografach
gu arbatráiste gheografaigh, ai arbatráistí geografacha
Airgeadas Cleachtas trádála lena gceannaítear airgeadra i margadh geografach amháin chun é a dhíol i gceann eile áit a bhfuil praghas níos airde le fáil air.
Finance Trading practice of buying a currency in one geographical market and selling it in another where the price is higher.
Airgeadas Straitéis trádála arbatráiste i margaí tráchtearraí trína socraítear réamhphraghsanna agus praghsanna todhchaíochtaí a bheith cothrom leis an spotphraghas reatha móide na costais a bhaineann lena thabhairt ar aghaidh go dtí am seachadta.
Finance Arbitrage trading strategy in commodity markets that makes forward and futures prices equal to the current spot price plus the costs of carrying it forward to delivery.
GAarbatráiste fir4 triantánach
gu arbatráiste thriantánaigh
Airgeadas Gníomhaíocht chun buntáiste a ghnóthú de bharr na difríochta i gcás nach ionann an trasráta malairte luaite agus an ráta ba chóir a bheith ann le cothromaíocht.
Finance Action to capitalize on a discrepancy where the quoted cross exchange rate is not equal to the rate that should exist at equilibrium.
Airgeadas Infheistíocht in urrús margaidh airgid eachtrannaigh agus réamhdhíol comhuaineach an airgeadra ina bhfuil an t-urrús sin ainmnithe.
Finance Investment in a foreign money market security with a simultaneous forward sale of the currency denominating that security.
GAteoiric bain2 fhachtóir aonair an phraghais arbatráiste
gu theoiric fhachtóir aonair an phraghais arbatráiste
Airgeadas Cás speisialta den APT a dhíorthaítear ó shamhail an fhachtóra aonair trí éagsúlú agus arbatráiste a úsáid. Taispeánann sé gur feidhm líneach d'fhachtóir aonair é an toradh ionchais ar shócmhainn rioscúil ar bith.
Finance Special case of the APT that is derived from the one factor model by using diversification and arbitrage. It shows that the expected return on any risky asset is a linear function of a single factor.
Airgeadas Teoiric praghsála sócmhainní ina gcloíonn an phraghsáil choibhneasta ar thacar sócmhainní le próiseas sonrach giniúna aschuir.
Finance Asset pricing theory in which relative pricing on a set of assets adheres to a specific return-generating process.