téarma.ie foclóir.ie teanglann.ie gaois.ie logainm.ie
Ar ais chuig leagan don scáileán Back to screen version
An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge
The National Terminology Database for Irish
Gach réimse All domains Roghanna Options
40
Líon torthaí a aimsíodh
Number of matches found
GAfrith-neamhrithimeach fir1
gu frith-neamhrithimigh, ai frith-neamhrithimigh, gi frith-neamhrithimeach
Medicines used to treat patients who have irregular heart rhythms.
Leighis a úsáidtear le cóireáil a chur ar othair a bhfuil rithimí croí neamhrialta acu.
Medicines that stop blood cells (called platelets) from sticking together and forming a blood clot.
Leighis a chuireann cosc ar chealla fola (ar a dtugtar pláitíní) greamú le chéile, ionas nach ndéantar téachtán fola a chruthú.
The use of pacing stimulation techniques for termination of tachyarrhythmias.
Úsáid teicnící spreagtha séadaireachta chun buille croí tapa neamhrialta a leigheas.
An interruption or disturbance of the electrical signal between the heart’s upper two chambers (the atria) and lower two chambers (the ventricles).
Briseadh nó cur isteach ar an gcomhartha leictreach idir dhá sheoimrín uachtair an chroí (na haitriamaí) agus an dá sheoimrín íochtair (na méadailíní).
A condition in which parts of the heart’s conduction system are defective and unable to conduct the electrical signal normally, causing an irregular heart rhythm (arrhythmia).
Riocht ina bhfuil éalang le sonrú i gcodanna de chóras seolta an chroí, sa chaoi is nach ndéantar an comhartha leictreach a sheoladh ar an ngnáthbhealach agus go mbíonn rithim croí neamhrialta (neamhrithimeacht) ann mar thoradh.
The inability of the heart to increase its rate appropriately in response to increased activity or metabolic need, e.g., exercise, illness, etc.
Nuair nach féidir leis an gcroí a ráta a ardú mar is ceart i gcás gníomhaíochta méadaithe nó de réir riachtanas meitibileach, e.g. aclaíocht, tinneas etc.
A birth defect of the heart that causes oxygen-poor (blue) blood to circulate to the body without first passing through the lungs.
Éalang ó bhroinn den chroí, a mbíonn mar chomhartha sóirt aige go gcuirtear fuil ar bheagán ocsaigine (fuil ghorm) timpeall an choirp gan taisteal trí na scamhóga.
The blood is withdrawn from a large vein in the body and passes through a pumping mechanism, and then through a device that puts oxygen into the blood and removes carbon dioxide from the blood. The blood is then returned to the body and circulated in such a way as to sustain life.
Déantar an fhuil a bhaint as féith mhór sa chorp agus cuirtear trí mheicníocht phumpála í, agus ansin trí ghléas a chuireann ocsaigin leis an bhfuil agus a bhaineann dé-ocsaíd charbóin di. Cuirtear an fhuil ar ais sa chorp ansin agus déantar í a chuisliú sa chaoi is go gcoinnítear an duine beo.
GAluasphreabadh fir
gu luasphreabtha
The rapid, ineffective contractions of any heart chamber. A flutter is considered to be more coordinated than fibrillation.
Crapthaí tapa neamhéifeachtacha seoimrín croí. Meastar iad a bheith níos comhordaithe ná mar a bhíonn fibriliú.
GAionatróp fir1
gu ionatróip, ai ionatróip, gi ionatróp
A substance that increases or decreases the force of muscular contractions
Substaint a mhéadaíonn nó a laghdaíonn neart crapthaí matán.
A catheter-like tube that is placed inside a patient’s vessel during an interventional procedure to help the doctor with insertion and proper placement of the actual catheter.
Feadán cosúil le cataitéar a chuirtear i soitheach othair le linn gnáthaimh idirghabhálaigh, chun cuidiú leis an dochtúir an cataitéar féin a chur isteach agus a shuíomh i gceart.
A type of heart surgery that is used to treat chronic atrial fibrillation by creating a surgical “maze” of new electrical pathways to let electrical impulses travel easily through the heart.
Cineál máinliachta croí a úsáidtear le cóireáil a chur ar fhibriliú aitriamach ainsealach trí "cathair ghríobháin" a chruthú de bhealaí leictreacha nua, a ligfidh do ríoga leictreacha taisteal tríd an gcroí go héasca.
A hole in the wall of the heart separating the atria or in the wall of the heart separating the ventricles.
Poll sa bhalla den chroí idir na haitriamaí nó sa bhalla idir na méadailíní.
Any of the noninvasive procedures usually performed in the cardiac catheterization laboratory.
Ceann ar bith de na gnáthaimh neamhionracha a dhéantar sa tsaotharlann cataitéaraithe cairdiaiche.