téarma.ie foclóir.ie teanglann.ie gaois.ie logainm.ie
Ar ais chuig leagan don scáileán Back to screen version
An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge
The National Terminology Database for Irish
Gach réimse All domains Roghanna Options
67
Líon torthaí a aimsíodh
Number of matches found
'Chun faisnéis shoiléir iontaofa thrédhearcach a chur ar fáil d’úsáideoirí deiridh faoi cheallraí agus faoina bpríomh-shaintréithe, agus faoi cheallraí dramhaíola, chun a chur ar chumas na n‑úsáideoirí deiridh cinntí eolacha a dhéanamh nuair a cheannaíonn siad ceallraí agus nuair a dhéanann siad iad a dhiúscairt agus chun é a chur ar chumas oibreoirí dramhaíola ceallraí dramhaíola a chóireáil go cuí, ba cheart lipéad a chur ar cheallraí. Ba cheart lipéad a bheith ar cheallraí chun an fhaisnéis uile is gá faoina bpríomh-shaintréithe a léiriú, lena n‑áirítear a dtoilleadh agus an méid substaintí guaiseacha áirithe atá iontu. Chun a áirithiú go mbeidh faisnéis ar fáil in imeacht ama, ba cheart go mbeadh sí ar fáil trí bhíthin cóid QR freisin.'
'Ba cheart go mbeadh freagracht leathnaithe táirgeora ar tháirgeoirí as a gceallraí a bhainistiú ag deireadh a ré. Dá réir sin, ba cheart do tháirgeoirí na costais a ghabhann le bailiú, cóireáil agus athchúrsáil na gceallraí go léir a bhailítear a mhaoiniú, chomh maith leis na costais a ghabhann le tuairisciú a dhéanamh ar cheallraí agus ar cheallraí dramhaíola agus le faisnéis a sholáthar d’úsáideoirí deiridh agus oibreoirí bainistithe dramhaíola faoi cheallraí agus faoi athúsáid agus bainistiú ceallraí dramhaíola.'