téarma.ie foclóir.ie teanglann.ie gaois.ie logainm.ie
Ar ais chuig leagan don scáileán Back to screen version
An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge
The National Terminology Database for Irish
Roghchlár Menu

Cad is téarma ann?

Téarma is ea focal nó grúpa focal a úsáidtear chun coincheap áirithe a léiriú. Coincheapa i sainréimsí ar leith atá i gceist, mar shampla coincheapa sa mhatamaitic, sa teicneolaíocht, sa spórt, sa réalteolaíocht, san oideachas, agus mar sin de. Bíonn a chnuasach téarmaí féin ag gach sainréimse cé go dtarlaíonn trasnaíl eatarthu uaireanta, go háirithe nuair is é an coincheap céanna a bhíonn i gceist, ach uaireanta nuair nach é.

Mar shampla, is téarma Béarla é adder a úsáidtear chun dhá choincheap éagsúla a chur in iúl. I sainréimse na Zó-eolaíochta is nathair nimhe é agus i sainréimse na Ríomhaireachta is suimitheoir é – gléas a dhéanann uimhreacha a shuimiú le chéile. Sampla eile is ea an téarma Gaeilge seol. I réimse na Seoltóireachta, is píosa mór éadaigh é a chrochtar le go rachfaidh bád chun cinn sa ngaoth – sail i mBéarla. I réimse na Ceardaíochta, is gléas é a úsáidtear chun fíodóireacht a dhéanamh – loom i mBéarla.

Bunachar téarmaíochta is ea téarma.ie. Ní gnáthfhoclóir é ina bhfaighfeá na focail a úsáidtear i ngnáthchomhrá ó lá go lá. Tá roinnt frásaí agus grúpaí focal ann ach ní bhfaighidh tú abairtí ann.